|
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
| Departments/Areas | Ranna/Limistéir |
| Accident and Emergency | An Roinn Timpistí agus |
| Department/Casualty | Éigeandála/Taismí |
| Admissions Department | An Roinn Iontrálacha |
| Ambulance and Transport | An Roinn Otharcharr agus |
| Department | Iompair |
| Canteen | Caintín |
| Clinical Science Department | An Roinn Eolaíochta Clinice |
| Coronary Care | Cúram Croí |
| Department of Anaesthetics | An Roinn Ainéistéiseachta |
| Department of Medicine | An Roinn Míochaine |
| Department of Obstetrics | An Roinn Cnáimhseachais |
| and Gynaecology | agus Gínéiceolaíochta |
| Department of Paediatrics | An Roinn Péidiatraice |
| Department of Pathology | An Roinn Paiteolaíochta |
| Department of Psychiatry | An Roinn Síciatrachta |
| Department of Surgery | An Roinn Máinliachta |
| Intensive Care | Dianchúram |
| Laboratory | Saotharlann |
| Maintenance Department | An Roinn Cothabhála |
| Management Offices | Oifigí Bainistíochta |
| Mortuary | Marbhlann |
| Nursing School | Scoil Altranais |
| Outpatients Department | An Roinn Othar Seachtrach |
| Pharmacy | Cógaslann |
| Physiotherapy Department | An Roinn Fisiteiripe |
| Recovery Room | Seomra Téarnaimh |
| Stores | Stórais |
| Theatre | Obrádlann |
| Ward | Barda |
| X-Ray Department | An Roinn X-Ghathaíochta |
| Staff Grades | Gráid Foirne |
| Attendant/Domestic | Freastalaí |
| Chaplain | Séiplíneach |
| Chief Technologist | Príomhtheicneolaí |
| Clinical Psychologist | Síceolaí Cliniciúil |
| Consultant Anaesthetist | Ainéistéisí Comhairleach |
| Consultant Haematologist | Haemaiteolaí Comhairleach |
| Consultant Histopathologist | Histeapaiteolaí Comhairleach |
| Consultant Obstetrician/ | Cnáimhseoir/LiaBan |
| Gynaecologist | Comhairleach |
| Consultant Paediatrician | Leanbhlia Comhairleach |
| Consultant Psychiatrist | Síciatraí Comhairleach |
| Consultant Physician | Dochtúir Comhairleach |
| Consultant Radiologist | Raideolaí Comhairleach |
| Consultant Surgeon | Máinlia Comhairleach |
| Cook | Cócaire |
| Dietitian | Bia-Eolaí |
| House Officer | Oifigeach Tí |
| Intern | Dochtúir Cónaithe |
| Matron | Bean Tís |
| Medical Laboratory Technician | Teicneoir Saotharlainne Míochaine |
| Night Nurse | Altra Oíche |
| Nurse | Altra |
| Nurse Tutor | Teagascóir Altranais |
| Pharmacist | Cógaiseoir |
| Physiotherapist | Fisiteiripeoir |
| Porter/Attendant | Giolla/Freastalaí |
| Radiographer | Raideagrafaí |
| Registrar | Cláraitheoir |
| Security Person | Slándálaí |
| Sister | Siúr |
| Staff Midwife | Bean Chabhrach Foirne |
| Staff Nurse | Altra Foirne |
| Student Nurse | Ábhar Altra |
| Theatre Sister | Banaltra Obrádlainne |
| Ward Clerk | Cléireach Barda |
| Ward Sister | Banaltra Barda |
| When did you come into hospital? |
| Cathain a tháinig tú isteach san ospidéal? |
| How are you feeling? |
| Conas atá tú? / Conas a mhothaíonn tú? |
| Are these your flowers ? |
| An leatsa na bláthanna seo? |
| The doctor will be here soon. |
| Beidh an dochtúir anseo gan mhoill. |
| I will get the nurse for you. |
| Gheobhaidh mé an bhanaltra duit. |
| Are you comfortable? |
| An bhfuil tú compordach? |
| I will take your blood pressure. |
| Glacfaidh mé do bhrú fola. |
| I will take your temperature. |
| Glacfaidh mé do theocht. |
| I will take your pulse. |
| Braithfidh mé do chuisle. /Tógfaidh mé do chuisle. |
| You may have a bath now. |
| Féadfaidh tú folcadh a bheith agat anois. |
| Have you had visitors? |
| An raibh cuairteoirí agat? |
| Did you sleep well ? |
| Ar chodail tú go maith? |
| Have you read the paper? |
| An bhfuil an nuachtán léite agat? |
| Who won the match? |
| Cé a bhuaigh an cluiche? |
| There is a group meeting today. |
| Beidh cruinniú grúpa ann inniu. |
| You will be fasting overnight. |
| Beidh tú ar céalacan go maidin. |
| The shop will be open soon. |
| Beidh an siopa ar oscailt go luath. |
| The taxi has arrived. |
| Tá an tacsaí tagtha. |
| You will be having an x-ray. |
| Déanfar x-ghathú ort. |
| You are due to have your injection. |
| Tá instealladh le tabhairt duit. |
| You are allowed to have your clothes. |
| Féadfaidh tú do chuid éadaí a bheith agat. |
| There is a phone call for you. |
| Tá glao gutháin duit. |
| You are going by ambulance. |
| Beidh tú ag taisteal san otharcharr. |
| The phone is ringing. |
| Tá an guthán ag bualadh. |
| Where are your keys? |
| Cá bhfuil do chuid eochracha? |
| How much money do you need? |
| Cén méid airgid atá uait? |
| The nurse will take you for a walk. |
| Tabharfaidh an bhanaltra ag siúl tú. |
| This is the way to the day room. |
| Seo an tslí chuig an seomra lae. |
| You may watch television. |
| Féadfaidh tú féachaint ar an teilifís. |
| The nurse will lock your property away safely. |
| Cuirfidh an bhanaltra do chuid giuirléidí i dtaisce duit. |
| I will put your valuables in the safe. |
| Cuirfidh mé do chuid rudaí luachmhara sa taisceadán. |
| You may go for a walk outside. |
| Féadfaidh tú dul ag siúl lasmuigh. |
| You will be going to occupational therapy today. |
| Beidh tú ag dul ar theiripe shaothair inniu. |
| You will be ready to go home next week. |
| Beidh tú ullamh chun dul abhaile an tseachtain seo chugainn. |
| You'll get your prescription from your own G.P. |
| Gheobhaidh tú an t-oideas ó do dhochtúir féin. |
| What is the name of your G.P.? |
| Cad is ainm don dochtúir agat? |
| We will see you at the clinic in 1 week/2,3,4 weeks. |
| Feicimid tú sa chlinic i gceann seachtaine/2,3,4 sheachtain. |
| The nurse will take a blood sample. |
| Tógfaidh an bhanaltra sampla fola. |
| These are your tablets. |
| Seo iad do chuid taibléidí. |
| What is your name? |
| Cad is ainm duit? |
| What is your address? |
| Cén seoladh atá agat? |
| What is your telephone number? |
| Cén uimhir ghutháin atá agat? |
| What is your date of birth? |
| Cén dáta breithe atá agat? |
| When were you born? |
| Cathain a rugadh tú? |
| What is your birthday? |
| Cén lá breithe atá agat? |
| How old are you now? |
| Cén aois atá agat anois? |
| What is your occupation? |
| Cén tslí bheatha atá agat? |
| Are you married or single? |
| An bhfuil tú pósta nó singil? |
| Will you be a public / private / semi-private patient? |
| An mbeidh tú i d'othar poiblí / príobháideach/leathphríobháideach? |
| Have you a medical card? |
| An bhfuil cárta liachta agat? |
| Are you in the VHI? |
| An bhfuil árachas saorálach sláinte agat? / An bhfuil tú sa VHI? |
| What is your VHI membership number? |
| Cén uimhir VHI atá agat? |
| I have an appointment. |
| Tá coinne agam. |
| Who have you got the appointment with? |
| Cé leis a bhfuil an coinne agat? |
| What clinic are you to go to? |
| Cén chlinic a bhfuil tú le dul chuige? |
| Which consultant are you to see? |
| Cén comhairleoir a bhfuil coinne agat leis? |
| I want to see a nurse, please. |
| Ba mhaith liom banaltra a fheiceáil, le do thoil. |
| Do you need to get someone to care for family / children / animals? |
| An gá duine a fháil chun aire a thabhairt do chlann/leanaí/ainmhithe? |
| Have you any pain? |
| An bhfuil pian ort? |
| When do you get the pain? |
| Cathain a thagann an phian ort? |
| Do you get it after eating or after/during exercise? |
| An bhfaigheann tú pian tar éis duit ithe nó tar éis / le linn cleachtadh coirp? |
| Do you keep to a special diet? |
| An gcloíonn tú le haiste bia speisialta? |
| Are you a diabetic? |
| An diaibéiteach tú? |
| Have you a cough? |
| An bhfuil casachtach ort? |
| Are you bringing up phlegm? |
| An bhfuil tú ag casachtach réama? |
| With whom do you live? |
| Cé atá ina chónaí leat? |
| Have you had any problems medically in the past? |
| An raibh aon fhadhb sláinte agat go dtí seo? |
| What religion do you practice? |
| Cén creideamh atá agat? |
| Do you wish to go to church? |
| An mian leat cuairt a thabhairt ar an séipéal? |
| Would you like to see or speak to a chaplain? |
| Ar mhaith leat labhairt le séiplíneach? |
| The priest will be here today. |
| Beidh an sagart anseo inniu. |
| Have you any allergies? |
| An bhfuil aon ailéirge ort? |
| Are you allergic to any drugs or medicines? |
| An bhfuil aon ailéirge drugaí nó cógais agat? |
| Are you taking any drugs or medicines now or recently? |
| An bhfuil aon druga nó cógas á ghlacadh agat anois nó an raibh le déanaí? |
| Are your periods regular? |
| An mbíonn an fhuil mhíosta go rialta agat? |
| When did you have your last period? |
| Cathain a bhí an fhuil mhíosta cheana agat? |
| Are your bowel movements regular? |
| An dtéann tú ag an leithreas go rialta? |
| Breathe in. |
| Tóg d'anáil. |
| Breathe out. |
| Lig d'anáil amach. |
| Breathe in and out, then breath in and hold your breath. |
| Tóg d'anáil isteach agus lig amach í, ansin tóg arís í agus coimeád í. |
| Keep very still. |
| Fan an-socair. |
| Do not move. |
| Ná bog. |
| Get up on the table and lie on your back. |
| Suas leat ar an mbord agus luigh ar do dhroim. |
| Turn on to your right side. |
| Luigh ar do thaobh deas. |
| Turn on to your left side. |
| Luigh ar do thaobh clé. |
| The table will move into the tunnel (CT Scan). |
| Rachaidh an bord isteach sa tollán (Scanadh CAT). |
| The doctor will give you an injection first. |
| Tabharfaidh an dochtúir instealladh duit i dtosach. |
| Hello, how are you? |
| Dia dhuit. Conas tá tu? / Cén chaoi a bhfuil tú? / Caidé mar atá tú? |
| I am going to take some x-rays of you/ of your arm. |
| Beidh orm x-ghathú a ghlacadh díot/ de do lámh. |
| Have you ever been x-rayed before? |
| Ar dearnadh x-ghathú ort riamh cheana? |
| Have you had this particular examination before? |
| Ar cuireadh an scrúdú seo ort riamh cheana? |
| It is important that you lie completely still. |
| Tá sé tábhachtach go bhfanfaidh tú socair. |
| Where does it hurt? |
| Cá bhfuil an phian? |
| When did the accident happen? |
| Cathain a tharla an timpiste? |
| Are you allergic to anything? |
| An bhfuil ailéirge ort le haon rud? |
| Are you on any medication? |
| An bhfuil aon chógas á ghlacadh agat? |
| Are you pregnant? |
| An bhfuil tú ag iompar clainne? |
| Do you use the pill? |
| An nglacann tú an piolla? |
| Have you been unconscious at all since the accident? |
| An raibh tú gan aithne in aon chor ó tharla an timpiste? |
| This examination involves the following |
| Séard atá i gceist leis an scrúdú seo ná... |
| You are to sit / lie / stand ... |
| Caithfidh tú suí / luí / seasamh ... |
| A doctor will perform this examination. |
| Déanfaidh dochtúir an scrúdú seo. |
| You will be given an anaesthetic. |
| Tabharfar ainéistéiseach duit. |
| You will be given an injection of contrast agent. |
| Tabharfar instealladh de leacht codarsnachta duit. |
| You have to drink contrast agent before the examination. |
| Beidh ort leacht codarsnachta a ól roimh an scrúdú. |
| The x-ray tube is going to make some noise. |
| Déanfaidh an feadán x-ghatha fothram. / Bogfaidh an feadán x-ghatha beagán. |
| I will be in the room next door and will be able to communicate with you all the time. |
| Beidh mise sa seomra béal dorais agus beidh mé ábalta labhairt leat an t-am go léir. |
| Undress, please. |
| Bain díot do chuid éadaí, le do thoil. |
| Have you got false teeth? |
| An bhfuil fiacla bréige agat? |
| You have to remove your hearing aid/jewellery/hairpins. |
| Beidh ort d'áis éisteachta/ do sheodra/ do bhioráin ghruaige a bhaint. |
| Could you please sit down over here? |
| An suífeá síos anseo, le do thoil? |
| Could you lie down on your back/stomach on this bench here? |
| An bhféadfá luí ar do dhroim/ ar do bholg ar an mbinse seo? |
| Could you stand close to this plate and put your chin on the top, please? |
| An bhféadfá seasamh in aice leis an bpláta seo agus do smig a chur air, le do thoil? |
| Keep absolutely still now, please. |
| Fan socair, le do thoil. |
| Turn to the left/right. |
| Cas ar chlé/ ar dheis. |
| Hold your breath, please. |
| Coimeád d'anáil, le do thoil. |
| Breathe out. |
| Análaigh amach. |
| Breathe in. |
| Análaigh isteach. |
| Could you hold/support this cassette please? |
| An bhféadfá an caiséad seo a choimeád i do lámh, le do thoil? |
| I need to do another x-ray picture. |
| Ní mór dom pictiúr eile x-ghatha a dhéanamh. |
| The quality of the x-ray picture is not satisfactory because ... |
| Níl caighdeán an phictiúir x-ghatha sásúil, de bhrí... |
| ... you moved. |
| ... gur bhog tú. |
| ... there's something wrong with the development. |
| ..go bhfuil rud éigin cearr leis an réadadh. |
| You can get dressed now please and wait out in the corridor. |
| Féadfaidh tú do chuid éadaí a chur ort anois agus fanacht amuigh sa dorchla. |
| The result wil be posted to your doctor. |
| Cuirfear an toradh sa phost chuig do dhochtúir. |
| Do you feel OK? |
| An mbraitheann tú ceart go leor? |
| Can I get you a glass of water? |
| An bhfaighidh mé gloine uisce duit? |
| Do you feel dizzy? |
| An bhfuil mearbhlán ort? |
| Are you comfortable on the table? |
| An bhfuil tú compordach ar an mbord? |
| We need to shave you where the incision is to be done. |
| Ní mór dúinn tú a bhearradh san áit a bhfuil an gearradh le déanamh. |
| This is going to hurt a bit. |
| Cuirfidh sé seo pian éigin ort. |
| It won't last long. |
| Ní mhairfidh sé i bhfad. |
| The patient is quite sick so I am calling the ward for a nurse. |
| Tá an t-othar breoite go leor. Táim chun glaoch ar an mbarda le haghaidh banaltra. |
| The drip is almost empty. |
| Tá an sileán beagnach ídithe. |
| Can you give a report on this patient? |
| An féidir leat tuairisc a thabhairt ar an othar seo? |
| Where can I find the emergency box ? |
| Cá bhfaighidh mé an bosca éigeandála? |
| Where is the on call room / reception / staff room / darkroom? |
| Cá bhfuil an glao-sheomra/an seomra fáiltithe/an seomra foirne / an seomra dorcha? |
| Where is the linen room? |
| Cá bhfuil an seomra línéadaigh? |
| Where can I find the new film when the holder is empty? |
| Cá bhfaighidh mé an scannán nua nuair atá an coimeádán folamh? |
| Where can I find the chemical / the developer / the fixer? |
| Cá bhfaighidh mé an ceimiceán/an réadóir / an fosaitheoir? |
| Where can I find the patient's previous films? |
| Cá bhfaighidh mé seanscannáin an othair? |
| Could you please help me lift this patient? |
| An bhféadfá cabhrú liom an t-othar seo a ardú? |
| What projections do you use for the cranium? |
| Cad iad na teilgintí a úsáideann tú don bhlaosc? |
| Could you have a look at these pictures, please? |
| Ar mhiste leat féachaint ar na pictiúir seo, le do thoil? |
| Could you look after the patient while I check out the pictures? |
| An bhféadfása aire a thabhairt don othar fad is atá na pictiúir á scrúdú agam? |
| The patient was in pain and couldn't cooperate further. |
| Bhí an t-othar i bpéin agus ní fhéadfadh sé/sí comhoibriú a thuilleadh. |
| The patient was short of breath. |
| Bhí gearranáil ar an othar. |
| The patient was drunk and wouldn't cooperate. |
| Bhí an t-othar ar meisce agus ní dhéanfadh sé/sí comhoibriú linn. |
| The patient is getting worse. |
| Tá an t-othar ag dul in olcas. |
| The patient is bleeding / is in shock / has fainted. |
| Tá an t-othar ag cur fola / Tá suaitheadh ar an othar / Tá an t-othar tar éis titim i bhfanntais? |
| The patient is drugged. |
| Tá an t-othar faoi dhrugaí. |
| Get a doctor. |
| Faigh dochtúir. |
| ur occupation? |
| Are you married or single? |
| c/private/semi-private patient? |
| Have you a medical card? |
| Are you in the VHI? |
| is your VHI membership number? |
| I have an appointment. |
|
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |