Cearúil Gaeilge
Ineacs
Aingil chualamar as ard
YouTube
-=- Google
-=- Yahoo
(Traidisiúnta)
Aingil chualamar as ard
Ag ceol go haoibhinn ar fud na mbán
Agus na beanna ag taobhú leo
Le macalla suairc a ndán
Curfá
Gloria in excelsis Deo,
Gloria in excelsis Deo.
Tuige, Aoirí , bhur lúcháir
Cad fé ndear bhur ngliondar buan
Nochtaidh dúinn an scéala láir
Tá mar spreagach le bhur nduan
Curfá
Gluais, go bhfeicfir mBeitheal romhat
An t-É a mhórann cór ainglí
Tar 's umhlaigh 'n omós Dó
Críost a saolaíodh ina Rí
Curfá
Féach sa mhainséar ina luí
Íosa, Tiarna neimhe 's talún
A Mhuire, 's Iosaif, 's é ár nguí
Gean a chothú Dó fá rún
Curfá