Cearúil Gaeilge

Cearúil Gaeilge

Ineacs

Suantraí Na Maighdine

YouTube -=- Google -=- Yahoo

(Mary Mclaughlin Buíochas le Conor O Driscoll mé a chuir ar an eolas faoi seo)

[ https://lyricstranslate.com/en/mary-mclaughlin-suantra%C3%AD-na-maighdine-lyrics.html ]

Adhraim mo leanbh beag tagtha ar an saol,
Codail, a linbh, go sámh.
Adhraim a laige is a loime nocht fhaon,
Codail, a linbh, go sámh.
Inis, a ghrá liom, id luí sa mhainséar,
Inis cén fáth dhuit bheith sínte sa bhféar,
Is tú Coimhde na nGrásta agus Íosa Mac Dé,
Codail, a linbh, go sámh.

A Mhuire, a Mháthair, is a Bhuime mhín tséimh,
Codail, a linbh, go sámh.
Is mé Coimhde na nGrásta agus Íosa Mac Dé,
Codail, a linbh, go sámh.
Go beo bocht a thánag le mian ar an saol,
Chun deoraithe fánacha a shaoradh ón éag,
Is nuair a chrochfar i n-áirde mé claonfaid chugham féin,
Codail, a linbh, go sámh.