Cearúil Gaeilge

Cearúil Gaeilge

Ineacs

Carúl Loch Garman

YouTube -=- Google -=- Yahoo

(Traidisiúnta)

[ http://www.athbui.com/Nuachtlitir%20Nollaig%202011.html ]

Ó, tagaigí is adhraigí
An leanbh cneasta sa chró 'na luí
Is cuimhnígí ar ghrá an Rí
A thug dár saoradh anocht an Naí.

'S a Mhuire Mháthair i bParthas Dé,
Ar chlann bhocht Éabha guigh 'nois go caomh,
Is doras an chró ná dún go deo
Go n-adhraim' feasta Mac Mhuire Ógh.

I mBeithil thoir i lár na hoích'
Ba chlos an dea-scéal d'aoirí,
Go follas don tsaol ón spéir go binn
Bhí aingil a' canadh ó rinn go rinn.

"Gluaisigí' go beo," dúirt Aingeal Dé,
`Go Beithil sall is gheobhaidh sibh É
`na luí go séimh i mainséar tuí,
Siúd é an Prionsa, Mac Óg an Rí.'

A phobal tá ag féile Chríost,
Cuimhnímis go beacht `s go cruinn
Ar dhein ár n-athair go fial dúinn,
A aonmhac dílis do sheoladh chugainn.

Le Muire Naofa guímid chun
Dia le cion ar fhéile Chríost
I mBeithil úd an oíche fhuar
gur rugadh dúinn ár Slánaitheoir

An oíche roimh an eachtra úd,
An Mhaighdean uasal mhór faoi bhrón,
Le Iósaef séimh anonn `s anall
Ag lorg lóistín oíche dhóibh.

Ó éistigí ar chual' an scéal,
Do ruaigeadh iad an bheirt araon,
Go bhfuair siad scáth ón oích' monuar,
Ar thaobh an chnoic i gcró bocht fuar.