Ineacs

Ar ais

Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(le Proinsias Ó Maonaigh)

Céad slán ag sléibhte maorga chondae Dhún na nGall
Agus dhá chéad slán ag an Earagal árd, ina stua os cionn caor 's call
Nuair a ghluais mise thart le loch Dhún Lúich, go ciún sa ghleann ina lui
I mo dhiaidh bhí Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair, is beag nár bhris mo chroí

Ag taisteal domh amach frid chnoic Ghleann Domhain, 's an Mhucais ar mo chúl
miste domh ' le brón 's le crá, ghur fhreasach a shil mise súil
Go 'Meiriceá siar, a bhí mo thriall, i bhfad thar an fharraige mhór
D'fhag slán ar feadh seal ag Dún na nGall, 's ag Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair

Níorbh é mo mhiansa imeacht ariamh ó mo thír bheag dhilis féin
Ach trom lámh Gall, le cluain 's le feall, a thiomáin i gnéill
B'é rún mo chroíse pilleadh arís, nuair a dhéanfainn beagán stór
'S deireadh mo shaoil a chaitheamh lem ghaoil, Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair

Slán, slán go fóill a Dhún na nGall, a chondae shéimh gan smál
'S do d'fheara bréa in am an ghá, nár umhlaigh riamh roimh Ghall
áit i mo chroí do gach fear a gach mnaoi, 's gach páiste beag agus mór
Áta beo go buan, gan bhuairt gan ghruaim, Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair


macsuibhne.com/amhran/