Ineacs
Fúnicúlí, Fúnicúla
YouTube
-=- DuckDuckGo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- Yahoo
-=- TheSession.org
()
Tá daoine ann gur breá leo sult is suairceas
Mo dhálta fhéin
Is daoine nach foláir leo bheith go gruama
'S go cásmhar claon
Hóró! is geal liom féinig bheith go síoraí
Ag déanamh ceoil
Hóró! ar nós na n-éanlaith ar na croinnte
Ar séis um nóin
Hó ró, hó ró! sult is greann is ceol!
Hó ró, hó ró! sult is greann is ceol!
Fá la la lá, fá la la lá
Fá la la lá, fá la la lá
Sult is greann is ceol
Fá la la lá, fá la la lá
I m' mhóide féin ba dhúr an cás an saol seo
Gan foinn gan cheol
Go deo ba léanmhar dubhach dó 'na n-éagmais
Faoi shíor-dhúbhrón
Hóró! ardaímis ceol anois go haerach
Le mórtas croí
Hóró! 'gus bíodh gach glór le clos in éineacht
Go ceolmhar binn!
Hó ró, hó ró! sult is greann is ceol!
Hó ró, hó ró! sult is greann is ceol!
Fá la la lá, fá la la lá
Fá la la lá, fá la la lá
Sult is greann is ceol
Fá la la lá, fá la la lá
macsuibhne.com/amhran/