Ineacs

Ar ais

An Cócónut

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(Pádraig Ua Maoileoin)

Do thugas abhaile mo chócónut! (3)
Is chuireas isteach insa drár é!

Dee-hi-dee-hiddley-hi-dee-hum! (3)
Is chuireas isteach insa drár é.

Tá 'n clúmh ag titim dem' chócónut! (3)
Is cad a chuirfidh ag fás é?

Tá bairnigh bhán' ar mo chócónut! (3)
'S is gearr go dtiocfaidh miongáin air!

Tá duileasc a' fás ar mo chócónut! (3)
Is caithfear é ' thumadh sa tsáile!

Cad a dhéanfaidh mé 'nois lem' chócónut? (3)
Cad a dhéanfaidh mo bhean is mo ghrá geal?

Tá leigheas agams' ar do chócónut! (3)
Is beidh sé 'na bhromach amáireach!

Cuir DDT ar do chócónut! (3)
Is scaoil amach ar an mbán é!


macsuibhne.com/amhran/