Ineacs
Caitlín Óg
YouTube
-=- Google
-=- Yahoo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- TheSession.org
()
Caitlín Óg ag gabháil an ród,
Agus casadh Dónall Dubh uirthi,
Thug sé í go taobh an chlaí,
Agus bhain sé míle mag aisti.
Curfá:
Fa la la léir Ó randaí dú,
An gcuala sibh cúrsa ar Chaitlín,
Dá mbéinnse beo arú bliain nó dhó,
Go mbéinnse ag ól le Caitlín.
A Chaitlín Óg is tú mo stór,
Go deo, ní mian liom scaradh leat,
Ar Shliabh a' tSín gur chaith mé an oíche,
Mar i ndúil is go mbéinn i gcleamhnas leat.
Curfá:
Dá mbéinn i mo tháilliúir nó i mo ghabha,
I mo ghréasaí bróg a b'aite liom,
D'ainneoin Éireann is a bhfuil beo,
Go gcuirfinnse clóca ar Chaitlín.
Curfá:
Bhí mé oíche i mo shuí liom féin,
Agus d'éirigh mé ionsar na cailíní,
Shíl mé a choiche nach bhfaighinn an tslí,
Go tóin an tí ionsar Chaitlín.
Curfá:
macsuibhne.com/amhran/