Ineacs

Ar ais

Bean Pháidín

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

Curfá:

' an trua ghéar nach mise, nach mise
' an trua ghéar nach mise bean Pháidín
' an trua ghéar nach mise, nach mise
'S an bhean atá aige bheith caillte

'S chuaigh mise siar chun an Chlocháin
Is thart timpeall le Béal Átha na Báighe
'Gus bhreathnaigh isteach trí na fuinneoga
A' féachaint an bhfeicfinn bean Pháidín

Curfá

Is chuaigh mise siar Tóin an Róisín
Is tháinig aniar Barr an tSáilín
Isteach i dtigh Mhaitéis Chathasaigh
A' féachaint an bhfeicfinn bean Pháidín

Curfá

'Gus rachainn go Gaillimh, go Gaillimh
'Gus rachainn go Gaillimh le Páidín
Ó rachainn go Gaillimh, go Gaillimh
Is thiocfainn abhaile sa mbád leis

Curfá

'S go mbristear do chosa do chosa
Go mbristear do chosa, a bhean Pháidín
'S go mbristear do chosa do chosa
Go mbristear do chosa is do chnámha

Curfá


macsuibhne.com/amhran/