Ineacs

Ar ais

Bean an tSeanduine

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

An Tráchtaire:
Ó 's ag teacht aniar ó Bhalla dhom dhá mhíle amach ón gClár,
casadh orm ach cailín deas agus í ar a diallait ard,
"An tusa bean an tseanduine?"

An Bhean Óg:
"Ó, is , mo chreach is mo chrá,
Is mbeinnse bliain 'mo chónaí leis thabharfainn dhósan grá!"

An Bhean Óg:
"Ó, brón ar mo mhuintir a phós chomh hóg,
Ó, phós siad leis an seanduine mar gheall ar chúpla ,
Míle b'fhearr liom agam an buachaillín deas óg,
A thiocfadh isteach ar maidin 's a bhéarfadh dhomsa póg!"

An Seanfhear:
"Nach deas an fear i mbaile ? Níl dúil agam son ól,
béas níos fearr sin agam a bhréagfadh cailín óg,
Shaothróinn arán 'gus fataí di, cruinneacht is eorna mhór.
Ó 's a Dhia nárbh fhearr dhuit agat réic de bhuachaill óg."

An Bhean Óg:
"Míle b'fhearr liom agam an buachaillín deas óg,
Nach ligfeadh chuig an Aifreann 'gus bairbín ar mo bhróig,
A bhéarfadh chuig teach a' leanna 'gus a d'ólfadh a ghiní óir,
'S nach mbeadh chomh maith leat, a sheanduine, nuair a bheadh na páistí mór."

An Seanfhear:
"Más cailín den tsaghas sin thú 's go bhfuil dúil agat san ól,
Is gearr a mhairfeas airgead dhuit do shealbháinín ,
Ach iarraim ar Dhia 's ar Mhuire mura mairfinn beo ach bliain,
Go bhfeicfead ag iarraidh déirce thú 's do mhála ar do dhroim!"

An Bhean Óg:
"B'fhearr liom ag iarraidh déirce 's mo mhála ar mo dhroim,
do leithéide de sheanduine a bheith sa mbaile agam tinn,
Mar shílfinn mura ndéantá ach casacht nach mairfeá an oíche beo,
Agus lig de do chuid chlamhsáin feasta liom, a ghiola an chársáin mhóir!"


macsuibhne.com/amhran/