Ineacs

Ar ais

An t-Oileán Úr

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

Rinne smaointiú i m'intinn agus lean go cinnte
Go n-éalóinn ó mo mhuintir anonn chun 'Oileáin Úir
Ó bhí ag déanamh impí ar an ArdRí os mo cheannsa
Mo choinneáil ó gach tubaiste go gcríochnóinn mo shiúl

Shiúil fiche míle is níor casadh orm Críostaí
Capall, caora ag déanamh inghilt ar an fhéar
Ach coillte dlútha is gleanntáin agus búirtheach beithigh allta
Fir is mná gan tant orthu a chasfá do mhéar

Ach tharla isteach i dteach nuair a casadh orm daoine
D'fhiafraigh siad mo ainmse is cén tír inar tógadh
Dúirt leo i mBéarla gur tógadh in Éirinn
Láimh le Loch Éirne i gCoillidh Lios na Raoch

Bhí seanbhean insan chlúdaigh agus stocaí ar a glúiní
D'éirigh go lúcháireach agus chraith liomsa láimh
"Sheacht mh'anam, fear mo thíre, thar a bhfaca ariamh de dhaoine
Tógadh mise in Éirinn i mBaile Lios Béal Áinetha"

Rinne an dara smaointiú agus lean go cinnte
Go bpillfinn ar ais go hÉirinn, an áit a sínfí faoin chlár
Mar a bhfaighfinn lucht mo chaointe is an t-aos óg atá lách aoibhinn
A chaithfeadh liomsa an oíche agus páirt mhór den


macsuibhne.com/amhran/