Ineacs

Ar ais

An Bhruinnlín Bhéasach

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

A bhruinnilín bhéasach is tú a mhéadaigh míle osna i mo lár
Is go luaitear le cheile na céadta nach bpósann go brach,
Do dha shúilín chlaona is do bhéilín ciúin tanaí mín tláth
Is tú mo stóirín le bréagadh's da bhféadfainn é ghabhfainn do pháirt

Is nach mise bhíonns cúl ins an clúid nach mbíonn aithne orm ann
Ag cuimhneamh ar mo mhóirín tráthnóna is go moch leis an lá
Ag Día Mór atá na cumhachta níor shúil sé fear eile níos fearr
A stór ná tabhair cúl dom is tú an chúilfhionn lena dtug mé dhi grá

Is a bhuachaillí óga ná pósaigí lán de na mná
Mar níl ina nglórtha ach mar a d'éireoidh an tuile ar an trá
Go dtroima Loch Éirne is go dtréigfidh an eala an clumhach bán
Ní inseoidh mé go héag dhuit cén réasún lena dtug mé dhuit grá.


macsuibhne.com/amhran/