Ineacs

Ar ais

An Bhfaca Tú Mo Shéamuisín

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

An bhfaca mo Shéamuisín
Mo stóirín óg, mo bhuachaillín
An bhfaca mo Shéamuisín
Is é 'gabháil síos an bóthar
Níl bróg ar bith ar a dhá choisín
Ar a dhá choisín, ar a dhá choisín
Níl bróg ar bith ar a dhá choisín
Níl caipín air clóca

Ag dul ar scoil Séamuisín
Mo stóirín óg, mo bhuachaillín
Ag dul ar scoil Séamuisín
'S a leabharín buí 'na phóca
Ar a dhroim máilín beag
máilín beag, máilín beag
Ar a dhroim máilín beag
'S a lóinsín ann is dócha

Do rugadh é i Móin a Lín
Ag bun an chnoic i nead éinín
Do rugadh é i Móin a Lín
In aice le Bun Dóite
Ó grá mo chroí mo Shéamuisín
Mo stóirín óg, mo bhuachaillín
Ó grá mo chroí mo Shéamuisín
Ar maidin is tráthnóna


macsuibhne.com/amhran/