Ineacs

Ar ais

A Mhaire Bhruinneal

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

báb dheas gheanamhail 'san ait nach bhfuilim
Is áille maise is feachaint
Agus grá go dtug di thar mhná na cruinne
Is go bráth ni thig liom a séanadh

pioba a brollaigh ar li na h-eala
Ag eirghe ar maidin la greine,
Is a gnaoi comh maiseamhail le realt an earraigh
Is a ciabh mar chleite an fheich dhuibh.

A Mhaire Bhruinneall bhi la is ni chuirfea
Mo chain o Dhoire go hEirne;
B'e an sta bhi orm brog' arda is buclai
Is ni airmhim culaidh mhaith eadaigh.

Se fath mo thuirse gach la da bhfuilim
'San ait nach gculinim go sgeala;
'S go mb'fhearr lion tamall de la os do choinne
Na ar fhas de chruithneacht i n'Eirinn.

Is truagh gan mise 's mo phlannda i n-inis
Taobh thoir de Bhaile Chuil Raithne,
Faoi bheal na Binne no'r bhruach na Finne
No ag feachaint luingis ar saile.

Oidhche is maidin o! Bim ag machtnamn
Ca bhfuairtheas a maise 's a mein mhaith.
'S narbh' aoibhinn m'aigneadh acht i bheit in m'aice
Is da mbinn gan bacghail fein lei.

Da bhfaghmuist uain is la gan duadh
Ba ghearr ar gcuairt san ait seo;
I ngleanntan chumhang no 'n-are-choillidh thuas
Dheanaimist ar gcumann 's ar n-arus.

Nar mheanair ar gcumann gan aoinneach umainn
Acht geaga na coilleadh 'n-ar lathair-ne
Se dearfadh gach duine gur laghach ar n-imtheacht
Mar d'ealuigh Diarmaid agus Grainne.

Ni breag adeirim 's ni sheanaim ar dhuine
Go h-eag go bhfuilim i ngradh lei;
Ta neart nach bhfeicthear is go leor a cheiltear
Ata ar a ndicheall 'a sarughadh.

Sharuigh sin orm is go saruighidh ortha
Is mna na cruinne go dtreigfead
Se mo chradh nach bhfuilim san teampall curtha
Is mo chairde ag pilleadh go treith-lag


macsuibhne.com/amhran/