Ineacs

Ar ais

A Mhuintir na hÉireann

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(Diarmaid Ó Tuama)

Ó, a mhuintir na hÉireann, mo náire sibh uile go léir!
Agus teanga bhinn aoibhinn ár sinsear a shatailt sa chré;
Níl polaiteoir fágtha ar fiú leis í 'chosaint, mo léan!
Ó, a mhuintir na hÉireann, mo náire sibh uile go léir!

Bhí ann fadó nuair a chuirimis locht ar an nGall
Ar Theitheadh na nIarlaí, ar phlandáil na tíre 's ar feall,
Ar ghorta, ar léirscrios, ar ghangaid, ar ghó is ar bhreall
Ó, a mhuintir na hÉireann, is trua liom gur sibhse ' dall.

Cad a déarfadh Mac Piarais, de hÍde, Ó hUid Mac Néill!
An ndéanfaidís ionadh den athrú ' tagtha ar Ghaeil?
An mbeidís-sean buíoch dínn as léirscrios ar obair a saoil?
Ó, a Thiarna, déan trócaire orainn is saor sinn ó bhaol!

Óh, Westminster Lawns, Chelsea Road, Hainault Drive, Nutley Grove,
The Gallups, The Paddocks, Shrewsbury Lawn, Wesley Close,
Ailesbury Road, Leopardstown Heights, Torquay Road
Ó, a leithéid de chac, leaids, níor chuala riamh le mo bheo.


macsuibhne.com/amhran/