Ineacs
Corca Dhuibhne
YouTube
-=- DuckDuckGo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- Yahoo
-=- TheSession.org
(Diarmaid Ó Tuama)
Do thaistil mé an domhan mór
Go Páras is don tSín,
'S ní fhaca riamh aon áit chomh chaoin
Le Fionntrá ná Dúnchaoin
Ach óg a bhíos is cheapas riamh
Ná fillfinnse arís
Ach lá is oích' bíonn pian im' chroí
Is smaoiním siar ar chaoin-Chorca Dhuibhne!
Ó-ó-ó-ó, Corca Dhuibhne!
Ó-ó-ó-ó, Corca Dhuibhne!
Ó, d'oibrigh mé sna cathracha,
Sna sléibhte 's ins an draoib,
I Londain ghránna Shasana
'S arís i nGay Paree
Ach óg a bhíos is cheapas riamh
Ná fillfinnse arís
Ach lá is oích' bíonn pian im' chroí
Is smaoiním siar ar chaoin-Chorca Dhuibhne!
Do chaitheas seal i Wyoming
'S i Memphis, Tennessee,
I gCeanada, in Illinois,
Denver, Milwaukee
Ach óg a bhíos is cheapas riamh
Ná fillfinnse arís
Ach lá is oích' bíonn pian im' chroí
Is smaoiním siar ar chaoin-Chorca Dhuibhne!
macsuibhne.com/amhran/