Ineacs

Ar ais

An Cailín Rua

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://old.tg4.ie/ie/programmes/archive/sorcha-ni-mhonachain/an-cailin-rua.html ]

mbeinnse i mbliana mar a bhí anuraidh,
Teach beag bheith agam a' chois an chuain,
Chuirfinn mo bhád amach ar an tSionainn
Agus bhéarfainn na bhaile mo chailín rua.

Thug liom í ó bhaile go baile
Fríd Bhaile Átha Cliath chun na ngeaftaí crua
'S chan fhuil aon mhíle ó d'fhág mise an baile
Nach dtug deoch leanna do mo chailín rua.

Nach doiligh domhsa mo chailín a mholadh,
é mar bhí rua,
Bhí mar gha gréine ag dul in éadan na ngloiní,
Is bhí scéimh mhná na Finne le mo chailín rua.

Bhí ceann gruaige léi síos go talamh
Agus barr ar a bhfinne go dtug sise bua;
Ba mhéanar don fhear óg a gheobhadh í le mealladh
Togha na gcailín mo chailín rua.
Ó, mbéinnse chomh saibhir is a bhí anuraidh
Thógfainn teach ar an chnoc údaí thall
Fíon agus ór, is iad a bhéarfainn do mo stór,
Is bhéinn ag dul hallaí bána le mo chailín rua.

Tug liom í ó bhaile go baile
Ach ba doiligh a mealladh cionn is go raibh rua
Is thug uaim mo 'jug' mhaith leanna
Cúradh a craicinn ar an stánaí rua.

B'fhearr liom í is bearrach,
a bhfuil de loingis ag tarraingt chun cuain,
B'fhearr liom arís na cíos Chluain Meala,
Go mbeinn is mo chailín i mBaile Átha Luain.
Chuir mo chailín go margadh Shligigh,
Ba é sin féin an margadh bhí daor,
Bhí scilling agus punt ar an mheánpheicín ime,
Is go dtug sin le fuinneamh do mo chailín rua.

Chuaigh siar agus bróga breac' uirthi,
Ribíní glasuaithne teannta inagr uaig,
Is d'éalaigh uaimse le buachaill an tsiopa,
Is a nár dheas í, mo chailín rua.


macsuibhne.com/amhran/