Ineacs

Ar ais

An Páistín Fionn

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ https://www.youtube.com/watch?v=VdHXo7XFq4Q ]

Grá mo chroí mo pháistín fionn
A croí is a haigne ag gáire liom
Cíocha geala mar bhláth na n-úll
Is a píob mar eala Márta.

Curfá:
Is tusa mo rún, mo rún, mo rún
Is tusa mo rún is mo ghrá geal
Is tusa mo rún is mo chumann go buan!
S'é mo chreach gan agam ó do mháithrín.

Cara mo chroí mo pháistín fionn
A dhá ghrua ar lasadh mar bhláth na gcrann
Táimse saor ó mo pháistín fionn
Ach amháin nuair a ólaim a sláinte!

Curfá

Bhí naoi n-oíche i mo luí go bocht
Ó bheith sínte faoin díle is idir dhá thor
A chumann mo chroí is ag smaoineamh ort
Is bhfaighinnse le fead le glaoch thú

Curfá

Treigfead mo mhuintir is mo chairde gaol
Agus treigfead a mhaireann de mhná an tsaoil
threigfead le d'mháithrín, grá mo chroí
go sínfear i gcónra chlár


macsuibhne.com/amhran/