Ineacs

Ar ais

Máirín de Barra

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.osiochru.com/content/searc-mo-chl%C3%A9ibh-lyrics ]

A Mháirin de Barra, do mharaigh m'intinn
Do chuir tu beo i dtalamh i ngan fhios dom mhuintir.
Ar mo luí ar mo leaba dhom, is ortsa bhím ag cuimhneamh
Is ar m'éirí dhom ar maidin, gur chealg an croí ionam.

Do thugas is thugas is thugas óm chroí greann duit
Ar Dhomhnach Fhéile Mhuire na gcoinneal sa teampall.
Dod shúilín ba ghlaise uisce na ngeamhartha,
Is dod bhéilín ba bhinne an druid nuair a labhrann.

Do shíl a mhealladh le briathra is le póga,
Do shíl a mhealladh le leabhair is le móide;
Do shíl a mhealladh ar bhreacadh na h-eornan,
Ach d'fhág dubhach dealbh ar theacht don bhliain nódh me.

Is aoibhinn don talamh a shiúlann féin air,
Is aoibhinn don talamh ar a sheineann bhéarsa;
Is aoibhinn don leaba ina luíonn éadach
Is -aoibhinn don bhfear, a gheobhaidh mar bhean chéile.

A Mháirín, glac mo chomhairle, is téir ar t-aimhleas;

pós aon stróinse, fear séidte na hadhairce.
Ach gaibh leis an óigfhear a nglaonn siad Ó Floinn air;
Ach pós de ghrá réitigh, ós é is toil le do mhuintir.

Do shiúlfainn is shiúlfainn is shiúlfainn an saol leat;

Do raghainnse thar sáile gan dhá phingin spré leat;
Mo mhuintir 's mo chairde go brách, brách do thréigfinn,
Is go leigheasfá ón mbás me ach a gur leat féin .


macsuibhne.com/amhran/