Ineacs

Ar ais

An Goirtín Eornan

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.osiochru.com/content/searc-mo-chl%C3%A9ibh-lyrics ]

Is buachaillín fíor-óg , go bhfóire orm na nGrás,
Thug searc do chailín óg, i dtigh an ósta le cómhrá gearr.
Ni raibh hata uirthi na húda, búclaí déanta den phrás.
Ach téip i gcluais a bróigín, is í mo stóirín í go bhfaighidh bás.

Is móra dhuit, a éinín, ag léimnigh ó thor go tor.
neosfainn brí mo scéil duit, féidir ach go ndéanfá rún.
Beir litir uaim faoi shéala, go cúlchraobhach an óir-fhult fhionn
Go bhfuil mo chroí a chéasadh, is nach féidir liom codhladh ciúin.

Ta gaoth aneas is tóirneach, is mórshruth le habhann na Laoi.
Sneachta ar na bóithre, is mórshioc a mheascadh tríd.
Ni fhanann fuaim ag róntaibh, ceol binn ag éan ar chraoibh
Ó chailleasa mo chéad-shearc, is í a thógfadh an ceo de m' chroí.

Is dod ghoirtín eornan, a stóirín, do thugas grá.
dod cúpla coifrín den óir bhuí, mbeidíst lán
Dod chapaill na dod bhólacht, go deo, deo, chuirfinn i bfháigh
Ach blas do cúpla phóigin, is dóigh liom gurb iad ab bfhearr.


macsuibhne.com/amhran/