Ineacs

Ar ais

Cúnla

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.roisinelsafty.com/roisinelsafty.com/Cunla.html ]

"Cé hé siúd thíos atá a' leagan na gclaíochaí?
Cé hé siúd thíos atá a' leagan na gclaíochaí?
Cé hé siúd thíos atá a' leagan na gclaíochaí?"
"Mise mé fhéin!" a deir Cúnla

Curfá:-
"'S a Chúnla chroí, ná tara níos gaire dhom,
'Chúnla chroí, ná tara níos gaire dhom,
'Chúnla chroí, ná tara níos gaire dhom,"
"M'anam go dtiocfaidh!" a deir Cúnla.

Curfá

"Cé hé siúd thíos atá a' bualadh na fuinneoige?
"Cé hé siúd thíos atá a' bualadh na fuinneoige?
"Cé hé siúd thíos atá a' bualadh na fuinneoige?"
"Mise mé fhéin!" a deir Cúnla

Curfá

"Cé hé siúd thíos atá a' coigilt na tine dhom?
"Cé hé siúd thíos atá a' coigilt na tine dhom?
"Cé hé siúd thíos atá a' coigilt na tine dhom?"
"Mise mé fhéin!" a deir Cúnla

Curfá

"Cé hé siúd thíos a' cur uisce sa gcitil dhom?
Cé hé siúd thíos a' cur uisce sa gcitil dhom?
Cé hé siúd thíos a' cur uisce sa gcitil dhom?"
"Mise mé fhéin!" a deir Cúnla

Curfá

"Cé hé siúd thíos atá a' tarraingt na pluide dhíom?
'Gus cé hé siúd thíos atá a' tarraingt na pluide dhíom?
'Gus cé hé siúd thíos atá a' tarraingt na pluide dhíom?
"Mise mé fhéin!" a deir Cúnla

Curfá

"Cé hé siúd thíos atá a' tochas mo bhonnachaí?
"Cé hé siúd thíos atá a' tochas mo bhonnachaí?
"Cé hé siúd thíos atá a' tochas mo bhonnachaí?
"Mise mé fhéin!" a deir Cúnla

Curfá

"'S a Chúnla chroí, ná tara níos gaire dhom,
'Chúnla chroí, ná tara níos gaire dhom,
'Chúnla chroí, ná tara níos gaire dhom,"
"Maybe I shouldn't!" a deir Cúnla.


macsuibhne.com/amhran/