Ineacs

Ar ais

Síle Bheag Ní Chonnalláin

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.roisinelsafty.com/roisinelsafty.com/Sile_Bheag.html ]

A Shíle bhán na bpéarlaí, a chéad-shearc nár fhulaing gruaim,
D'fhág m'intinn buartha, id' dhiaidhsa bheidh buan.
Mura dtige m'fhéachaint, is éalú liom ghleannta cuain,
Beidh cumha is tuirse id' dhiaidh orm, is beidh mo chroí chomh dubh le gual.

Tugtar chughainn na fíonta agus líontar dhúinn an ghloine is fearr,
Mura bhfaighead fhéin cead sínte le mínchnis an bhrollaigh bháin.
A phlúr is gile is is míne an síoda is clúmhach na n-éan,
Is buartha tuirseach 'bhímse nuair a smaoiním 'bheith 'scarúint léi.

Dhá mbeinnse fhéin is mínchnis caoinmhéar an bhrollaigh bhreá,
I ngleanntán aoibhinn aerach ó thitim oíche go n-éireodh ,
Gan neach 'bheith 'n ár gcoimhdeacht ach cearca fraoigh an coileach feá,
'S go mbeadh greann gan cham im' chroí istigh do Shíle Chonnalláin.


macsuibhne.com/amhran/