Ineacs

Ar ais

An tIolrach Mór

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Ó d'éirigh go feargach
ar maidin moch Domhnaigh
Chuir orm mo bhróga
is ag goil go Tír an Fhia,
Ag gabháil thrí Ghleann an Duine Mhairbh dhom
sea casadh an tIolrach Mór orm,
Is ba gheall le dúchán móna é go pramaí ina shuí,
Ó ghlaoigh straoill is strachaille air,
amadán is óinseach,
De chineál Bhriain Mac Lóbhais de phór Chathail Bhuí,
Sin agus mo sheacht mallacht
go bhfeara go deo air,
A thug mo choileach óg uaim
a ligfeadh dhom a ghlao.

"Gabh do chiall i gceart chugat
is maslaigh ar an nós sin,
Dár mo mhionna is dar mo mhóide,
thógfainn ort aon dlí,
Níor mhór liom a bheith de bhrabach ort
i dteach na dtroscadh dóite
Mar is duine thú bhí fóintinneach i gcónaí de fhear slí.
Fill is téir abhaile is fiafraigh féin de Nóra é,
Cén t-ainm a bhí ar an ógmhnaoi
a bhí ag scóladh a chinn,
An clúmhach a bhí ar a
leasrachaí sa teallach acu dóite,
D'itheadar i gcomhar é
is dheamhan mórán a bhí buíoch."

"An fhaid is mhair na Fianna a'm
sa ba deas an buachaill óg
Níor bhradaíl a bhínn á fhoghlaim
ach i gcónaí ag cur draíocht,
Ag imirt lúth is gaisce
crua-charraíocht agus comhraic,
Gur fágadh ar an nós seo,
mo chreach agus mo dhíth!
roinn de na húdair agamsa
nár aithris go fóill dhuit"
Nuair a chuala na glórtha
thit na deora uaidh síos:
"Gheobhfaidh amach sa tseanchas
gur mac don Dearg Mhór ,
Is más troid atá a thóraíocht,
seas romham is bheir buíoch."

Ghléas a chulaith ghaisce air,
a chuid airm agus éadaigh,
A chlaíomh aige ba ghéire mb'fhéidir a fháil,
Mise agus mo speal agam
gan falach ach mo léine
Gur ionsaíomar a chéile go dianmhoch sa .
D'fheicfeá tínte cneasa a bhí na hairm a bhaint as a chéile,
Agus leathuair roimh an ngréin
a dhul faoi b'éigean a ,
Ba gheall le dhá tharbh sin
na foirseadh i ngleann sléibhe.
Is dheamhan fios againn araon
cérbh é an fear ab fhearr.


macsuibhne.com/amhran/