Ineacs

Ar ais

Amhrán Mhuínse

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

mbeinn trí léig i bhfarraige
i sléibhte i bhfad ó thír,
Gan aon neach beo i mo ghaobhar
ach an raithneach glas is fraoch,
An sneachta dhá shéideadh ó thuaidh
's ó dheas 's an ghaoth dhá fhuadach dhíom,
Is bheith a' comhrá le mo Taimín Bán
's níorbh fhada liom an oíche.

Is a Mhuire dhílis céard a dhéanfas
an geimhreadh seo tíocht fuar
Is a Mhuire dhílis céard a dhéanfas
an teach seo 's a bhfuil ann
'S nach é an trua anois bheith
ag scarúint libh ar theacht na huaire bhreá
's nuair a bhéas an chuach
ag goiriúint is an duilliúr glas ag fás.

Agus gearraidh amach mo chónra dhom
as fhíorscoth geal na gcláir,
Is Seán Ó hEidhin i Muínis
bíodh déanta óna láimh,
Cuiridh mo hata 's mo ribín síoda orm
's iad go -dheas ar mo cheann,
Agus triúr ban óg ón tsléibhe
le a chaoineadh os cionn cláir.

Is bhíonn mo chlann sa mbaile a'm
an oíche bhfaighidh bás,
Go dtorróidís go groíúil trí oíche 'gus trí ,
Bíodh na píopaí fada cailce acu
'gus ceaganna 's iad lán,
'S tabharfaidh Páidín Mór go Muínis
is olc a bhéas an .

'S ag gabháil siar go Inse Ghainimh dhom
beidh farraigí ag éirí ard,
cuiridh i Leitir Caladh mar ann atá mo dhream,
Ach tugaidh siar go Muínis
áit a gcaoinfear go breá
Is beidh soilsí ar na dumhchannaí
is bheidh uaigneas orm ann.


macsuibhne.com/amhran/