Ineacs

Ar ais

Máire Ní Laoghaire

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Is a Mháire Ní Laoghaire ó Bhéal a' Chéime, mar a mbíonn an eilit mhaol á múscailt,
An amhla' éagais ná háirím aonphioc de ghuth do bhéil san dúthaigh.
Nó an bhfacaís éinne ag gabháil moch nó déanach sa ghleann seo taobh le Diúchoill,
Do 'neosfadh scéal duit ar chúrsaí an tsaoil seo go bhfuil Clanna Gael i gcúngracht.

Do chuala scéilín anois le déanaí ó fhídeoig slé ' bhí i nDiúchoill,
Go suífeadh téarma gan mhoill in Éirinn do chuirfeadh béir ar gcúlaibh.
Go mbeadh Repealers is a bhfórsaí tréana agus cúnamh Dé á stiúradh.
Agus buíon an Bhéarla gan fíon gan féasta agus caitheamh piléar dá rúscadh.

Go n-éirí an saol leis an bhfídeóig sle' amuigh a thug an scéal san chughatsa;
Le grá' s le méin duit thar mhnáibh na hÉireann a bhláth ' s a gcraobh na n-údar.
Ó bhís chomh héasca 'gus lách le béiribh is a bhfágaint tréith le púdar,
Tá an cairde taobh leo le grásta an Aonmhic do ghearr an téarma ar dtúis dóibh.

Beidh stealladh piléar agus pící géara dá gcur 'na méadail bhrúidigh,
Beidh cloch is craobh orthu ó láimh gach éinne agus mallacht Dé ar a gcomplacht,
Beidh siad faon-lag faoi spalladh gréine gan neach sa tsaol 'na gcúram,
A gcoin 's a mbeagles 's a gcapaill traochta gan suim i ngéim ná i liú acu.

Tá dream an áil seo go céasta cráite 'gus cíos is cáin á dturnadh.
Agus búir go táchtmhar ar hallaibh bána agus deireadh a gcairde tabhartha;.
Ní bheidh féasta ar clár dóibh ach prátaí bána agus salann Ián de bhruscar.
Is le méid a ngátair ní bheinn féin sásta gan córda cnáibe ' fháil chuchu.

A mhic a' dea-athar, do chuala trácht ort, gur mhaith do cháil id' dhúthaigh,
Guím séan is áthas is sliocht faoi bhláth ort a chuirfidh caráiste is fonn ort;
Dá gcastaí lá orm tú i dtigh an tábhairne do thabharfainn cárt faoi chúr duit,
Ag crothadh láimhe ag ól do shláinte agus puins ar chlár go flúirseach.

Ó go deimhin a stóraighe, más fíor do ghlórtha gur dheinis óg arís mé,
Chun 'tally-ho' bheith ar mhnáibh na rógairí d'itheann feoil Dé hAoine.
Is é deir lucht eolais go mbeidh siúd brónach mar gheall ar phóit an tsaoil seo,
Ná leanann comhairle na cléire córach, is gabháil an bóthar díreach.


macsuibhne.com/amhran/