Ineacs

Ar ais

Bánta na Fraince

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(Diarmaid Ó Tuama)

Bhuel, conas a-taoi, a Liam Mhic Ghioll' Bhríd'?
An miste leat taobh led' uaigh sa draoib
Go ligfead mo scíth ins an samhradh faoin ngréin?
Ó shíorshiúl ó mhaidin táim spíonta 's i bpéin.
rabhais ach naoi déag de réir do leacht uaigh'
Sa bhliain sin déag nuair a d'éag go cruaidh.
Ar éag le dínit 'r éag le brí,
, a Liam Mhic Ghioll' Bhríde, an gránna a bhí?

An bhfuairis ceol drumaí tionlacan fífe
máirseáil an mhairbh dod' shocraid, monuar?
Ar seinneadh post deiridh an tsaighdiúr'
'r chualais ceol píbe roimh éalú san úir?

Ar fhágais aon spéirbhean ag caoineadh id' bhás?
'Bhfuil croí éigin dílis faoi bhrón is faoi chás?
Sa bhliain sin déag, is fíor chaillis do bheo,
Ach sa chroí dílis sin 'bhfuil naoi déag go deo?
'bhfuil id' strainséir gan fiú ainm baist'
Le fráma id' thimpeall 's caite sa trais
I sean-fótagraf atá stróicthe is buí
Is do cheannaithe feoite 'n é sin mar a-taoi?

Ar bhánta na Fraince 'n ghrian ina suí,
Poipíní páirce ag rince sa ghaoith,
Solas na gréine ag lonrú go lách
Níl aon ghás, níl aon sreanga, níl gunnaí lámhach.
Istigh ins an reilig 'n talamh fós bán,
Crosa 'na mílte go balbh ann;
Neamh-mhothúlacht 's fuarchúis bunúdar an áir,
Glúin iomlán d'fheara-choin sínte ar lár.

A Liam Mhic Ghioll' Bhríde, thuigim an scéal
Ar thuig 's do chairde bhur n-éalú ón saol?
Ar chreid sibh ar aon nuair a d'hreagair an ghairm
Go gcuirfeadh sibh deireadh le cleachtadh na n-arm?
An brón is an léan is an marú 's an crá
In aisce a bhíodar, is trua liom a
Mar, a Liam Mhic Ghioll' Bhríde, do tharla arís
Is arís is arís is arís is arís.


macsuibhne.com/amhran/