Ineacs

Ar ais

Bruach na Carra Léithe

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Óra, éirigh 'gus cuir fál ar an bpáirc a raibh aréir;
théann na ba sa bhfásach nach fánach ar an bhféar;
crann i lár na páirce ar a bhfásann air bláth séin,
Más fíor gur chríon an bláth air go brách fhásfaidh .

'Gus chuala mise a Bhideoigín go raibh do chleamhnas réidh
Le Búrcach as Bun Dorcha, go deimhin maith liom é;
Grá mo chroí ó thaobh go taobh thú, a stóirín fan a'm féin
Mar níl aige ach siopa dramanacht ar bhruach na Carra Léith'.

'S go dtaga an tuile bháite ar na gamhna a chuaigh sa bhféar,
Is chuile ghalra báis ar a gcuid máithreacha réir;
As sin 's chuile chlampar ort, a stóirín gheal mo chléibh,
An rud a d'eitigh nár fhaighe , fear sásta ar feadh do shaoil.

Ar ndóigh, b'fhacthas domsa go mb'áille thú an ghealach is an ghrian,
Ach mar siúd a bhí ach i do scáile is i bhfad uaim;
An a thógfadh suas ar láimh go pálás geal an
Nach sa gclúid a mbeadh mo ghrása ann ab áil liomsa suí.


macsuibhne.com/amhran/