Ineacs

Ar ais

An Frag

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Aréir tháinig triúr isteach agam le titim cheo na hoíche,
'Gus d'fhiafraíodar théis beannú dhóibh: 'An bhfaca an bhean ?
Mar siúd í a ruaig as baile muid 'sa ghiorrós lena saol
'S bheidh beo a bhfuil romhainn go maidin thagann 'un a' .'

'S níorbh fhada go gcuala muid an siúl isteach sa tsráid,
'S a chomharsanaí na gcarad, nach muid a bhí sa ngábh,
Bhí claíomh faoina hascaill is fallaing ar a bráid,
'S ar nós chuile ghaiscíoch bhí sciath chosanta ina láimh.

Beidh caint is cáil aríst go brách ar throid na hoíche aréir,
Mar níl aon áit abhus thall nach léifear ann an scéal,
Nár mhór i gceist Cath na bPunann an troid a bhí i mBearna an Dúin,
Ach níor thada é do na cearrbhachaí ag iarraidh an taisí a chur ar gcúl.

'S chuaigh an troid 'un cinn i dtús na hoíche is ceathrar a'inn a bhí ann,
Ar fud an ó thaobh go taobh, anonn agus anall.
Ag iarraidh í a chloí le spreac brí, raibh aon mhaith dhúinn ann,
Ach a bhfuil sa ríocht is bídís cruinn chuirfeadh í ar lár.

Níl fear ar bith bharrúlaí dár tógadh ariamh san áit,
A bhfaigheadh barróg faoi bharreasnachaí nach gcuirfeadh air breall;
Lena fiacla fada fuara stróic an ghruaig anuas gceann,
'S níl iarraidh ar bith mbuaileadh nach dtéadh go dtí an chnámh.

Ach saol fada go bhfaighe an Flathartach, go brách raibh tinn,
Mar níl aon uair spreagainn é nach neartaíodh dhá dtrian;
An uair a bhínnse leagtha is an taisí as mo chionn
Gur le neart a lúth is a ghaisce, bhí in ann í a chur as greim.

Ach d'imigh mar a tháinig is d'fhág muide tinn,
Is an chuid againn nach bhfuil bacach d'fhág an arraing ina dhroim,
Ach cinnte dearfa is cér miste liom é a
Gurb é fear na maighdine mara é is é gléasta in éadach mná.


macsuibhne.com/amhran/