Ineacs

Ar ais

Bruach na Carraige Báine

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Ó is thiar cois abhainn gan bhréag gan dabht,
an ainnir chiúin-tais, mhánla.
Gur gile ar a com í an eala ar an dtonn,
Ó bhaithis go bonn a bróige.
an stáidbhean í a chráigh mo chroí,
'Gus d'fhág m'intinn brónach,
Is leigheas le fáil níl agam go brách
Ó dhiúltaigh mo ghrá geal domhsa.

Is b'fhearr liom fhéin Éire mhór
saibhreas na Spáinne,
Go mbeinnse is tusa a lúib na finne
I gcoillte i bhfad ónár gcairde.
Ó mise is tusa bheith pósta a ghrá,
Le haon-toil athar is máthar.
A mhaighdean óg is milse póg,
Gur grian na Carraige Báine.

A stuaire an chinn chailce,
más dual go bhfuil agam,
beidh cóir ort a thaitheoidh le d'chairde,
Idir síoda 'gus hata ó bhonn go baithis,
Agus gach insa chathair háilleacht,
Beidh do bhólacht gcasadh,
Gach neoin chun an bhaile
Ceol binn ag beachaibh ar bhánta,
Beidh ór ar do ghlaice, is cóiste ag tarraingt,
Go Bruach na Carraige Báine.


macsuibhne.com/amhran/