Ineacs

Ar ais

Máire Bhán

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

'Gus bhí gan amhras siúl sráid an bhóithrín bhuí
Maidin aoibhinn shamhraidh dar liom bhí an drúcht 'na luí
Tharla dom an spéirbhean, ó ba bháine dlaoi
mo léan géar, 's m'ansacht í, ' 'n cailín í a dhóigh mo chroí.

Is trua nach bhfuil i Muineachán agus i mo cheannaí snáth
Mo mhuirnín deas in aice liom 's níorbh fhaide liomsa an
Scairtfinn ar an bhiotáilte agus dhíolfadh Máire an cháin
Agus shnámhfainnse ar an fharraige bhfaighinnse barúil mná.

Luigh insa choirnéal agus beidh breoite tinn
Agus d'fhiafraigh den chailín óg an dtógfadh mo cheann
na mílte fear i ngrá léithe go brách nach dtig chun cinn
'S i ngrá le Máire Bhán, níl náire ar bith dom ann.

'S a stór bíodh ort buaireamh, brón briseadh croí
ar bith den tsórt sin ach aer is spórt an tsaoil.
mba liomsa a bhfuil ar an domhan mhór is i gcóraí glaise an
Is duitse go dtabharfainn mar fhéirín í ach éalú liom mar mhnaoi.

Cuirim litir fríd na sléibhte le scéala ionsuirthi uaim
Go bpógfainn a béilín aonaigh gan ghruaim.
ainneoin fhearaibh Éireann bhéarfainn uirthi ruaig
'S raibh míle maith 'na dhiaidh sin ag lucht bréag an bhuachaill ruaidh.

Is a Mháire Bhán a thaiscí, a Mháire Bhán a stór
dtiocfá thusa liomsa fríd thíortha ciúine ceo
Bhéarfainn amharc baile mhóir duit a thógfadh suas do chroí
'Gus bhéarfainn an croí tráthnóna di le spórt agus le greann.

Is nach deas an cailín Máire Bhán a cosa agus a ceann
múinte macánta in gach baile dtéid ann
Thug sway na háite léi agus d'fhág an Caiseal fann
Is i ngrá le Máire Bhán níl náire ar bith dom ann.


macsuibhne.com/amhran/