Ineacs

Ar ais

Thiar i gConnachta

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Thiar i gConnachta atá mo lóistín
Nach fada ó bhaile mo theach is m'áit chónaí
Sheolfainn long ar an chéad mhí 'fhómhar
Is chaithfinn an geimhreadh ag mo mhíle stóirín.

Chuaigh mo mhuintirsa anonn go hAlbain
A dhéanamh cleamhnais le buachaill Sasanach
Nuair a shíl féin ó gur stócach óg a bhí agam
Caidé fuair agam ann ach baintreach phósta.

Is fhios ag an tsaol mhór nach baintreach a b'fhearr liom
Ach stócach óg deas a mbeadh aoibh an gháire air
A labhródh liomsa go ciúin is go ceiliúr
'S a bhéarfadh comhrá ciúin dom go mín san oíche.

Spleoid ort a chluanaí is a mhearaigh m'intinn
Is leat go siúlfainn thart Éirinn timpeall
Chuirfinn mo dhá lámh gheala do mhuineál gléigeal
Is cibé arb olc air é go mbeinnse ag caint leis.

Nach trua inniu agus nach trua amárach
Mo theach fuar folamh agus gan agam práta
Níl aon deoir bhainne agam níos gile an t-uisce
leanbh óg agam is m'fhortún briste.
Scríobhfainn litir le peann is páipéar
Is níl fhios ag éinne bhfuil mo ghrása
Ach airgead agat caoirigh bána.
Tabhair don leanbh iad, a d'ordaigh a mháithrín.

Och inniu agus och amárach
Och 'an uile is chan och gan ábhar
Scéala a chuala go mór a chráigh
Is nach trom mo mhallachtsa ar an a bhain mo ghrá domh.


macsuibhne.com/amhran/