Ineacs

Ar ais

An Buachaill Fóinteach

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Nach deas an buachaill fóinteach Fómhair agus Earraigh
Bhainfinn féin an eorna agus chuirfinn romham í arís 'na bhealaigh
bláth buí ar an eorna is an Fómhar ar ag gabháil chun moille
'S mo chéad searc gabháil romham sa ród seo is féidir domh a mealladh.

Tiocfaidh smúid ar an spéir ar an ghrian is ar an ghealach
Tiocaidh dalladh ar mo shúile is léir domh na bealaí
cuachín i nGleann Éinní is féidir díthe pilleadh
'S cha scarann mo ghrá go héag leat go dté is i dtalamh.

Bhí céile bheag óg agam ar a' bhaile údaí thall
Agus gheall a phósadh 'gus lig céile mhaith tharam.
'S trua nach an bás a bhí ag gabháil romham air na bealaigh fhada
Sula d'iompóchainn cúl mo láimhe le mo chúilín bán deas atá i bhfad ó bhaile.

Is ar chuala sibh na scéaltaí a tháinig aréir chugainn 'na bhaile.
Go bhfuil baintreach lucht na Gréige ag teacht ar féasta go Sliabh Gallainn.
Mar bhí an táilliúr beadaí bréagach teacht mar fhéirín faoina fallaing
Bhí súgradh lena chéile mar a bheadh á mealladh.

Is buachaill bocht scaite ag éirí amach ar maidin.
Níl dhá phingin ar an tsaol agam, mo phócaí fuar folamh.
mo ghrua ar dhath na craoibhe is mo bhéilín ar dhath na heala
Stadaigí feasta de bhur bplé liom nach deas an féirín an fear fearúil.

Is trua nach bhfuil sna réadúin san áit a gcónaíonn an t-iolar
Is gan éinne a bheith i mo chomhair ann ach iasc na toinne brice
'S cúig phunta a bheith sa bhliain agam is gan fiacha orm corú.


macsuibhne.com/amhran/