Ineacs

Ar ais

Mainistir na BĂșille

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Chaith mĂ© seacht seachtaine thuas fĂĄ Mhainistir na BĂșille
Mo shuĂ­ agus i mo luĂ­, mo chodladh is mo mhĂșscladh
Nuair a shĂ­l mĂ© bheith teacht 'na bhaile agus an eaglais a bheith faoi rĂșn liom
Gurb Ă© brĂ­ mo scĂ©il a chailĂ­n is gan tusa a bheith ag dĂșil liom.

Ó is maith an fear fĂłinte mĂ© lĂĄ FĂłmhair agus Earraigh
Bhainfinnse an eorna is chuirfinn romham Ă­ arĂ­s sna bealaĂ­
Tå blåth buí ar an eorna is tå an Fómhair ag pilleadh arís léi
Ach croĂ­ brĂșite ar an Ăłgmhnaoi nach lag brĂłnach a d'fhĂĄg sĂ­ mise.

Tógfaidh mé mo sheoltaí go lag brónach få Shamhain
'Gus ní dhéanfaidh mé stad nó scríste nó go raibh mé is mo ghrå i Sasain
Is trua nach Ă© an bĂĄs a bhĂ­ i ndĂĄn domh sna bealaĂ­ a bhĂ­ fada
Sular chuir mĂ© cĂșl mo dhĂĄ lĂĄimh le do chĂșilĂ­n bĂĄn deas i bhfad Ăł bhaile.

Agus bhĂ­ mĂ© lĂĄ Samhraidh is mĂ© ag siĂșl cois BĂłinne
Tharla domhsa an spĂ©irbhean is Ă­ a gabhĂĄil tharam ina cĂłiriĂș
Fana pilĂ­n ard riabhach 'gus a diallait ghlan ĂłrbhuĂ­
Agus na ceoltaĂ­ a bhĂ­ meidhreach a bhĂ­ ag MĂĄire an chĂșil ĂłrbhuĂ­.

Tå ceo ar na réalta ar an ghréin is ar an ghealaigh
'S tå dalladh ar mo radharcsa is ní léir domhsa na bealaí
TĂĄ cuach i nGleann Éinnigh is nĂ­ fĂ©idir liomsa a mealladh
Tå cumha nach scarann go héag liom go dté mo chónarsa i dtalamh.


macsuibhne.com/amhran/