Ineacs

Ar ais

Barr an tSléibhe

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Is a Mháire díchéile ort mura dté liom 'un a tsléibhe
fág anseo liom fhéin go huaigneach ins an oíche,
do theach mór á dhéanamh faoi sheomraí geala in éadan
Agus beidh muid ann go haerach go héag ar bheagán cíos.

Is bhfeicfeá barr an tsléibhe nuair a bhíonns an ghrian ag éirí
Níl duibheagán sa spéir ann gangaid ins an ngaoth.
an broc ar thaobh an léanna ann, an sionnach rua ar na péaca
an giorria ag boc-léimneach le pléisiúr insa bhfraoch.

úth na mba ag pléascadh ag teacht abhaile 'géimneach
Nach binn deas ceol na n-éan ann sna gleannta teacht na hoíche
an fear 's a bhean in éindí go grámhar lena chéile.
Is an seanduine bheadh na céadta bliain níorbh fhada leis a shaol.

coirce bán is eorna ann fataí 's rud go leor ann
cuireadh ag lucht bóthair ann is fáilte roimh gach n-aon
O'Reilly seinm cheoil ann, fíon brandy 's beoir ann
I gcomhluadar daoine móra is an t-airgead dhá roinnt.

an stiléara i gcónaí ann is na baraillí á líonadh
cead ag clann na ríthe bheith go síoraí ann ag ól
an sagart ann is córtha dhá bhfaighfeá-sa in aon deoise
Is a Mháire tóg mo chomhairle ó tar is éalaigh liom.


macsuibhne.com/amhran/