Ineacs

Ar ais

Dómhnall Óg

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Thug grá dhuit is beag bídeach,
Chuir barr air is mór milteach
Níorbh é sin an grá a thug an t-uan don chaora
Ach grá buan daingean nárbh fhéidir a scaoileadh.

Is a Dhómhnaill Óig théirse thar farraige
Tabhair féin leat is déan dearmad
Mar beidh a'd féirín aonaigh is margaidh
Is iníon Éireann mar chéile leapan a'at.

Ó gheall dhomsa 'gus rinne bréag liom
Go mbeifeá romham ag cró na gcaorach
Lig fead ort is dhá chéad béice
Ach bhfuair romham ach na h-uain a' méileach.

Ó siúd é an Domhnach a dtug grá dhuit
An Domhnach díreach roimh Dhomhnach Cásca
Is ar do ghlúine a' léamh na Páise,
Ach bhí mo dhá shúil ag síor-thabhairt grá dhuit.

Ó chuir amach is bhí an oíche báisteach
Fuair leagan i mbéal na bearnan
Níor dhúirt "Dia linn" is bhí i láthair
Is bhíos a'msa an uair úd go raibh fuath ag mo ghrá dhom.

Ó dúirt mo mháithrín liom gan labhairt leat
Inniu amáireach Domhnaigh
Nach deireanach a stór a fuair an fógra
' an fál ar a' bpáirc é i ndiaidh na foghla.

Ó mo chroíse chomh dubh le áirne,
le gual dubh a dhóighfí i gceárta,
le bonn bróige ar hallaí bána,
Is an lionndubh mór mór os cionn mo gháire.

Nuair a théimse síos ag Tobar an Uaignis
Suím síos ann ag déanamh buairimh
Nuair a fheicim an saol is nach bhfeicim an buachaill
A raibh dath an óir bhuí ar a chúilín gruaige.

Ó bhain thoir agus bhain thiar díom,
Bhain an ghealach gheal is an ghrian díom,
Bhain an croí seo bhí i lár mo chléibhe díom
Is nach -mhór é m'fhaitíos gur bhain Dia díom.


macsuibhne.com/amhran/