Ineacs

Ar ais

Ráiteachas na Tairngreacht

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Aréir is mé go tláth-lag tnáite 'n easba cirt
'Sea dhearcas a' teacht 'm láthair an bhean dob áille fionna-chrot.
Bhí gruaig a cinn go búclach buí, ina shlaodaibh síos go talamh léi.
'S le glór a béil gur bhuail sí an draíocht ar cheolta sí na Banban.
Is a Chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht.

Tiocfaidh aon-mhac phrionsa 'n chomhraic gur b'ainm do siĂşd Bonaparte.
An tImpire 's an Spáinneach, a chuir garda leis go hAlbain.
Ní bheinn siúd choíche sásta le háitreamh Rí na Sacsan d'fháil.
Gan buĂ­ochas cruinn le faobhar a gclaĂ­omh, go mbainfinn dĂ­ol an athar dĂłibh
'S a Chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht.

An pílear glas ní fearr dó an áit go mbeidh a thaisteal ann
Mar ná 'fuil sa bhfear is fearr acu ach sprealláirín dubh Sasanach.
Sáfaim faoi ina lár iad, 's ní taise dos na hOrangemen.
Go mbeadh fiacha dubha 's a ngearrcaigh a' baint sásaimh as a gcreatlaibh.
'S a Chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht.

Ag fágaint na páirce dhíbh, bainigí go léir bhur hataí dhíbh
Is guí chun Muire Máthair an lá do dhul ar Ghalla-phoic.
Beidh sagairt, easpaig is bráithre, is an Pápa ceann na hEaglaise
Ag guí chun Dé gach lá le fonn chun an fán do chur ar Shasannaigh
'S a Chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht.


macsuibhne.com/amhran/