Ineacs

Ar ais

Dónall Óg

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Is a Dhónaill Óig théir thar farraige
Tabhair féin leat is déan dearmad
Ó beidh agat féirín aonaigh 'gus margadh
Agus iníon Gréige mar chéile leapa agat.

Gheall dhomsa 'gus rinne bréag liom
Go mbeitheá romham ag cró na gcaorach
Lig fead ort is dhá chéad béiceadh
Ach bhfuair romham ann ach na h-uain ag méileach.

Nuair a théimse fhéin go Teach an tSuaircis
Suím síos ann ag déanamh buartha
Nuair a fheicim an saol is nach bhfeicim an buachaill
A raibh dealramh an óir bhuí ina chúilín gruaige.

Nuair a théimse fhéin go Tobar Phádraig
Ag tabhairt an turais ar son mo ghrá geal
Níl mo shúil leat inniu amáireach
Is a mhúirnín dhílis mo chúig chéad slán leat.

Siúd é an Domhnach a dtug grá dhuit
An Domhnach díreach roimh Dhomhnach Cásca
Is ar do ghlúine a' léamh na Páise,
Is go raibh mo dhá shúil ag síor-thabhairt grá dhuit.

Thug grá dhuit is beag bídeach,
Chuir barr air is mór millteach
Níorbh é sin an grá a thug an chú don chaoile
Ach grá buan daingean nach féidir a scaoileadh.

mo chroíse chomh dubh le h-áirne,
le gual dubh a dhóighfí i gceárta,
le bonn bróige ar hallaí bána,
'S lionndubh mór os cionn mo gháire.

Bhain thoir is bhain thiar dhíom,
Bhain romham is bhain mo dhiaidh dhíom,
Bhain an ghealach gheal 's an ghrian dhíom,
'S is -mhór é m'fhaitíos gur bhain Dia dhíom.


macsuibhne.com/amhran/