Ineacs

Ar ais

Bean an Fhir Rua

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Is a bhruinnill gan smál a bhfuil an dealramh deas in do ghrua,
an buachaillín bán a b'fhearr liom seal leat lua.
cheillfidh ar chách fios m'ábhar is go bhfuil faoi ghruaim,
Ach d'ainnneodh feara fáil, mo ghrá geal bean an fhir rua.

Nuair a théimse thart síos bím i bpríosún ceangailte crua,
Boltaí ar mo chaoil 'gus na mílte glais as sin suas.
Thabharfainnse an sítheadh mar a thabharfadh an eala thar cuan,
go sínfinnse mo thaobh seal síos le bean an fhir rua.

Is tabhair litir uaim scríofa ó síos go dtí an baile thar cuan
Chuig an gcailín beag caoin a bhfuil an chaortha thrí lasadh 'na grua,
Go scriosfadh an Traoi 's na mílte fear léi dhá lua,
Ach glac misneach a Bhríd 's baolach feasta an fear rua.

Is nár théigh den tsaol seo ó choíche is nár chaillidh an greann
go mbeidh is mo mhian seal sínte faoi bharraí na gcrann
Is gan éinneach beo a bheith inár ngaobhar ach coiligh fraoigh is duilliúr na gcraobh
Is an fear rua a bheith sínte i gCill Bhríde agus leac ar a cheann.

crann ins an ngáirdín ar a bhfásann ar duilliúr 's bláth buí,
'S nuair a leagann mo láimh air nach láidir nach bpléascann mo chroí.
' a n-iarrfainnse do spás ar an Ard- ón bhFlaitheas anuas,
Ach aon phóigín amháin 'gus é a fháil ó bhean an fhir rua.


macsuibhne.com/amhran/