Ineacs

Ar ais

Mal Dubh an Ghleanna

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

agam ar shliabh
Is nach fada ina diaidh
gurbh chaill mo chiall dhá tóraíocht
Dhá seoladh soir is siar chuile áit dhá dtéann an ghrian
go bhfilleadh abhaile tráthnóna.
Is nuair a bhreathnaím féin anonn san áit a mbíonn mo rún
Ó sileann ó mo shúile sruth deora
Ach a ghil na ndúl den fuascailt ar mo chúis
Mar Bean Dubh an Ghleanna a bheoigh .

Mal Dubh an Earraigh
Mal Dubh an Ghleanna
Mal Dubh is deirge an rós í.
Ach dhá bhfaighinnse mo roghain de mhná óga deasa ar domhain
' Mal Dubh an Ghleanna a thógfainn.

Ó is gheobhainnse bean go Línseach is bean eile go Fhrinnseach
Is bean a mbeadh dhá chéad léi.
Ach bean na mbúclaí buí a chráigh go mór mo chroí
Is mo chúig chéad slán go deo léi.

Is iníon ag an Línseach, nach í atá go péacach
n-iarrfása a fháil le pósadh
Ach bhfaighinn mo rogha ar mhná óga dheasa an domhain
Bean Dubh an Ghleanna a thógfainn.

'Gus siúd é thiar mo theach is gan de dhíon air ach an scrath
Is é tógadh ar leath thaobh an bhóithrín
Is nach críonadh a bhíonn an bheach
Nuair a dhéanann a nead
Le grian 'gus le teas an tSamhraidh.

Is nuair a chríonann an tslat fhanann orthu meas
Ach a súil leis an gcraoibhín is airde
Is a chailín álainn deas a chaill leat mo chiall
Mo chúig chéad slán go deo leat.

Mal Dubh an Earraigh
Mal Dubh an Ghleanna,
Mal Dubh is deirge an rósa
Ach dhá bhfaighinnse fhéin mo roghain ar mhná óga deasa an domhain
Bean Dubh an Ghleanna a phósfainn.


macsuibhne.com/amhran/