Ineacs

Ar ais

An Gabha Ceártan

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Is chaith bliain 'gus ráithe i mo ghabha ceártan i gCúige Laighean
Is tuairisc mo ghrá bhfuaireas go dtáinig ar m'ais arís
an saol seo ar fad cráite 'gus áirím mo mhuintir fhéin
Ach is ar an gcnoc úd thall atá m'áras, is ón bPápa cheilfead é.

'Gus soir atá mo tharraingt is áirím mo mhuintir fhéin
A ghiolla an chúilín phéacaigh, i do dhiaidh mhairfeadh beo.
tharraing milleán mór orm a mhíle stóirín níor mhaith leat é,
Naoi n-uaire b'fhearr liomsa pósta leat, go mór mór i bhFlaithis .

Is cén fáth nach dtagann a Sheáin, is fháil ó mo mhuintir fhéin
Cén fáth nach dtagann a ghrá ghil 's fháil uathu ar fad go léir
Mar a bhfuil siad sásta an cás seo a fháil réidh
déanaigí cónra chláir dhom 'gus fágaí go domhain i gcré.

'Gus marach mo intinn dhána gheobhainn áras ó mo mhuintir fhéin,
Gheobhainn ba agus caoirigh bána is páirceanna dhá chaith léim.
Gheobhainn codladh fada Samhraidh is cead spóirt dhá chaitheamh léi,
Ach go m'fhearr liom faoi na tamhnachaí ag piocadh seamsóig le grá mo chléibh.

'Gus diomú na hAoine don a dhíbir mo ghrá i bhfad uaim,
Mar fhéadaim dul ina gaobhar aon hAoine go moch Luain.
mbeadh an oíche ina stoirm thinte is é a bheith ag cur sheaca aduaidh,
Le mo rún dhá bhfaighinn cead síneadh go mbeinn chomh suaimhneach leis an mbradán rua.


macsuibhne.com/amhran/