Ineacs

Ar ais

Seán 's a Bhríste Leathair

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Nuair a bhíos i dtús mo shaoil
'S mé ag éirí suas im leanbh
Bhí orm gean gach éinne
Ba mise peata an cheanna

Nuair a bhíos ag dul sna déagaibh
Do théinn i measc na bhfearaibh
'S ní mór dom féin ina dhiaidh sin
Iompáil amach i mo ghaige.

'San téiril éiril é
'S an téiril éiril eaidí
'S an téiril éiril é
Seán 's a bhríste leathair

Bhí orm culaith deas éadaigh in iúl do rí nó marcus
Casóigín channta bréide 'gus bróigín gaelach smeartha
Stocaí dubha glaschaorthach,
Bheistín gléigeal flainín
Haitín íseal Quaker is scléip de bhríste leathair.

'San téiril éiril é
'S an téiril éiril eaidí
'S an téiril éiril é
Seán 's a bhríste leathair

Bhíosa lá ar aonach is mé ag díol céis ' is bainbh
Do casadh orm Lady 's í ag ceannach úll is crackers
Do dhruid sí liom go dlúth 's do thóig sí an véil dá bonnet
'S do chuir sí suim a súl i shape mo bhríste leathair.

'San téiril éiril é
'S an téiril éiril eaidí
'S an téiril éiril é
Seán 's a bhríste leathair

Ghluais a hathair is a máthair á lorg ar fud an bhaile
Fuaireadar mise is Máire i dtigh an tábhairne ag ól leanna.
Nuair fhágamar an áit sin do chuamar go dtí an sagart
Is fuaireas baile stáit de bharr mo bhríste leathair.


macsuibhne.com/amhran/