Ineacs

Ar ais

Sna laethe a bhí!

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(Diarmaid Ó Tuama)

Is mise Seán Ó Diomasaigh,
Bleáth Cliath i mo chroí;
Rugadh i Pimlico,
Is ann a bhí mo thí.
Ba chúipéir na laethe sin,
Ach d'imigh sin le gaoth
Mo theachín is mo cheird ar aon
fheicfear iad a-choích'.

Bhíos i ngrá le Peigí Duignan,
Cailín gléigeal caoin
Pleidhcín 's iníon Mháire
Ó na bonny Liberties.
D'imigh le scoláire
'S a chneas chomh dubh le píc;
D'imigh siad go Birmingham
Is fágadh gan bhrí.

Mo shlán, a Anna Livia,
deireadh le do ,
príosúin mhóra ghloine
Á dtógáil ar an gcé.
'n Pillar is an Met ar shiúl
'S an Royal fheicim é;
Is na foirgnimh mhóra stroighne
Do mo chiapadh, deas agus clé.
Máire ón Chlochán Liath

Mo shlán go deo, a Dhún na nGall,
A Rosa 's a chaoin-Ghaoth Dobhair!
Le fáinne lae a chrochfaidh seol
Anonn ar an fharraige mhór;
Ar dhath an daoil atá im' chroí
'S ag scaradh leatsa go bráth
Mo shlán is céad, a chairde Gael',
mo thriall ar Mheiriceá.

Ó, a Mháire, 's mo mhuirnín bán,
Mo thaisce is mo stór!
Do Dhaidí dian ba chúis le mo phian
Is a d'fhág mo chroí-se ag feo;
Ach fásann grá is na cairde ar fán
i bhfad óna chéile i gcéin;
Is go gcumhdaí Dia mo mhuirnín bán
go bhfille uirthi féin.

Ó, nár bhreá a bheith ar an Chlochán Liath
'S im' shuí ar an fhéar bhog ghlas;
Is le mo thaobh bheadh buidéal den fhíon
Is mo shuaircbhean óg lem' ais.
Do ghlaofainn cártaí is d'ólfainn go tréan
Is bheinn ar mo sháimhín
Is do bhéarfainn barróg ar Mháire, mo stór,
Is fhagfáinn a taobh go deo.


macsuibhne.com/amhran/