Ineacs

Ar ais

Casadh an tSúgáin

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

'Gus thíos i Sligeach a chuir mise eolas ar na mná,
'Gus thiar insan mbaile seo a d'ól mé leo mo sháith,
Ar bhrí mo mhaide mura stopa sibhse feasta amhlaidh seal mar atá,
Go n-imreoidh mise cleas a bhainfeas siúl as na mná.

'Gus d'imir mise cleas i dTigh Mhac Uí Dhomhnaill aréir,
'S an tarna cleas sa teach a bhí go dlúth lena thaobh,
'S an tríú cleas, cén mhaith dhomsa a chur i bhfad eile i scéal?
Chuir an chailleach amach mé le casadh an tsúgáinín féir.
'Gus cé'n cat mara a chas isteach ins an áit seo mé?
'Gus a liachtaí bean óg sa mbaile a d'fhág mé i mo dhiaidh?
Mar gheall ar throid is ar bhruíon is ar rud nár shantaigh mé
Muise, seanbhó bhreac 'gus óinseach caillí a bhí gan chéill.
'Gus chuirfinn 'gus threabhfainn 'gus chraithfinnse síol go domhain sa gcré,
'Gus sheolfainnse ba san áit is airde a bhfásann féar,
Chuirfinn crú ar an each is lúfaire, is corraí' is airde a chaithfeadh léim,
'S nach bpósfaidh bean le fear nach ndéanfadh an méid sin fhéin?
'Gus tháinig mise isteach i dteach dhá uairín roimh an lá,
Bhí bean óg ar meisce ann is cúl a cinn fúithi ar chlár,
Níor bhreathnaigh mé tharam go híseal, uasal ná go hard,
Nó gur chuir mé cois lena cois agus bhogamar an súistín bog bán.
'S dhá mbeadh spré ag an gcat nach deas lách mar a phógfaí a bhéal?
'Gus an cat nach mbeadh nach fada ó bhaile a sheolfaí é?
Tá iníon na caillí stoithnithe, gliobaithe, cataithe, pioctha, pósta ó aréir,
'S tá mo ghrá-sa sa mbaile is gan duine aici a phógfadh a béal.

'S má bhíonn tú liom, bí liom os comhair lán an tí,
'S má bhíonn tú liom, bí liom de ló gheal is d'oíche,
'S má bhíonn tú liom, bí liom gach orlach de do chroí,
'Sé mo thrua le fonn nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi.


macsuibhne.com/amhran/