Ineacs

Ar ais

Tomás Bán Mac Aogáin

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.lorcanmacmathuna.com/cordysite/Lorcan_Mac_Mathuna-words_of_songs.htm ]

Is aréir ag tíocht ón tóramh dhom sea dhearc stór mo chroí
Mo chreach agus mo chrá mór sa mbaile a chaith an oíche
arraing ag góil trasna thríom is í 'g cónaí i lár mo chroí
Is a stór mara dtéigh abhaile liom, mhairfidh m é beo

Is tháinig Tomás Bán ar cuairt orm 's in uaigneas liom fhéin
Séard a dúirt bíodh buaireadh ort rud ar bith mar é
do chuilín catach a mharaigh is mar gheall ort crochfar
' S gur measa liom naoi nuaire thú, an mháthairín at á 'n mo dhiadh

Ó is a Thomáis Bháin cinnte 's searc is rún mo chléibh
A Thomáis a dtug gean dhuit seachas fearaibh óga 'n tsaoil
Crochfar thú go cinnte mara bhfuil ag grásta
' S a dhia nach mór an feall é an planda breá mar é

Is cuireadh go Cill Chainnigh orm agus caithfidh dhul ann
Beidh ann na seisiúin ceathrún idir Geail agus clanna Gall
dhaorfar ann ach beirt eicint agus crocfar iad mo léan
Mar Tomás Bán Mac Aogáin 's Mac Mhaoláin lena thaobh

Ó is a Thomás Bháin Mhic Aogáin mo léan thú dhul i gcill
hionadh liom do mhaithrín bocht bheth go brónach in do dhiadh
Dhá mbeithfeá ar leaba an bháis aici cér chás di thú bheith tinn
Ach do chrochadh as na saltrachaí, 's an bháisteach le do dhroim


macsuibhne.com/amhran/