Ineacs

Ar ais

Na cleaganna

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Mícheál Ó Tuama)

[ http://www.lorcanmacmathuna.com/cordysite/Lorcan_Mac_Mathuna-words_of_songs.htm ]

An bhfacair-se Seán ó bharr a'chnoic
' S é 'r leic a'tinteáin 's é 'rince jig
Do dheineadh gleo le cleaganna (nua)
A tháinig an treo seo ó Cheann Toirc
Agus ó bheann a', cad é n'bhuairt sin ort.

Do bhíodar 'na mbróga gleoite deas'
Go cluthar compórdach, thar meoin le teas
Níor bhfearra dhuit clúmh mar cneastacht faoi d'bhún (bhonn)
péire breá cúmtha ' siúd a bheidh ort,
Agus ó bheann a', cad é n'bhuairt sin ort.

Bhí leigheas na mílte aicíd iontu
Do scaipfeadh gan mhoill liathbhuí triuch
Do chuirfeadh chun fáin crampí 'gus fuachtáin
Is mórán eile gearáin h-áirím díbh
Agus ó bheann a', cad é n'bhuairt sin ort.

cuileann draighean a bhí na'mbann
Ach píosa breá deil a bhí éatrom úr
Bhí teanga bhreá shleamhain do craiceann óg gamhain
Nár gearradh ghann, mo lom nach liom iad
Agus ó bheann a', cad é n'bhuairt sin ort.

Bhí péire ' siúd ag Fionn fadó
' S cnoc is sliabh cúm do shiúlaig leo
Is cathair do thóg le buille bhróig
Do chuirfeadh chun sceoin na slóite fear
Agus ó bheann a', cad é n'bhuairt sin ort.


macsuibhne.com/amhran/