Ineacs
Caoineadh na dTri Mhuire
YouTube
-=- DuckDuckGo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- Yahoo
-=- TheSession.org
()
[ http://www.lorcanmacmathuna.com/songbook.html ]
A Pheadair a aspail an bhfaca tu mo ghrá bhan
Ochón is ochón ó
Chonaic me ar bar é is é dhá chéasadh in airde
ochón is ochón ó
Cé hé an fear breá sin ar chrann na páise
An é nach n-aithníonn tu do mhac a mháithrín
An é sin an maicín a diompair me trí ráithe
No an é sin an maicín a rugadh in san stábla
An é sin an maicin a hoileadh in ucht mhaire
A mhicín mhuirneach tá do bhéal is do chróinín geartha
Agus crocadh suas í ar ghuaillní arda
Agus cathadh anuas í ar leacrachai na sráide
O buailigi mé féin ach na bainí le mo mhaithrin
O maróidh muid thu féin agus buailfidh muid do mháithrín
Agus cuireadh táirni maola thrína chosa 's thrína lámha
Agus cuireadh an tsleá thrina bhrollach álainn
Gabhaigí a dhá mhuire go gcaoinfidh muid mo ghrá geal
Céard tá le caoineadh a'inn, muna gcaoinfidh muid a chnámha
Ó éist a mháithair agus ná bí cráite
Ta mná mo chaointe le breith fós a mháithrín
Is a bhean atá ag gol de bharr mo bháise
Beidh na ceadta inniu i ngairdin ph árrthais
macsuibhne.com/amhran/