Ineacs

Ar ais

An Spailpín Fánach

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.lorcanmacmathuna.com/songbook.html ]

Is a spailpín aerach tréitheach mise
Is bígí ag soláthair mná dhom
Mar chraithfinn an síol faoi dhó san Earrach
In éadan taltaí bána
Mar chraithfinnan síol faoi dhó san Earrach
In éadan taltaí bána
Mo láimh ar a' gcéacht i ndiadh na gcapall
Is go réabfainnse conic le fána

Ó's mo chúig chéad slán leat a dhúithe m'athar
Is go deo deo don oileán grámhar
Don scata fear óg atá 'mo dhiadh ag baile
Nár chlois orm in am an gháthair
Tá Bleá Cliath dóite is tóigfear Gaillimh
Beidh lasadh a'inne ar thinnte cnámha
Beidh fíon agus beoir ar bord ag m'athair
Sin cabhair ag an Spailpín Fánach

Is an chéad lá in Éirinn dár liostáil mise
Bhií mé súgach sásta
' San darna lá dár liostáil mise
Ó bhí mé buartha cráite
Ach an triú lá dár liostáil mise
Thiúrfainn chúig céad púnt ar a fhágáil
Ach 'á dtugainn sinn is an oiread eile
Ní raibh mo 'phass' le fail a'm

Agus bhí mise lá breá ar mhargadh Chill Channigh
Agus tháinig sé go trom ag básiteach
Is tharraing mé isteach is chuir mé cúl le balla
Agus thosaigh mé ag glaoch na gcárta
Mar ghlaoidh isteach orm bean 'a leanna
Ag súil is go nólfainn ma phaighe
Is dheamhan deor dár glaoiadh as sin go maidin
Nach raibh síos in aghaidh an Spailpín Fánach

Agus bhí mise lá breá thíos I nGaillimh
Is bhí an abhainn ag góil le fána
Bhí an breac is an eascain is an beartín slat ann
Is chuile ní dhá bhréachtha
Is bhí mná óga ann go múinte tóigthe
Said a bhí tanaí tláith deas
Ach dheamhan bean óg dhá suidhfinn-se leí
Nach gcuirfinn an dubh ar an mbán di

Agus b'fhuide liomsa lá bhéinn i dteach gan charaid
Ná bliain mhór fhada is ráithe
Mar is buachaillín aerach súgach meanmnach
A bhréagfadh an bhruinneall mhánla
Dhá bhean déag a bhí ag éad is ag iomadh liom
Ag súil le tairbhe mo láí
Is gurb é paidir na caillí nuair a théinse that an táirseach
Ná, "Behave yourself a Spailpín Fánach."


macsuibhne.com/amhran/