Ineacs

Ar ais

Máire Ní Mhaoileoin

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ https://listserv.heanet.ie/cgi-bin/wa?A2=ind1105&L=GAEILGE-A&T=0&F=&S=&P=6857 ]

"An dtiocfaidh 'baint aitinn liom,
A Mháire Mhaoileoin?"
"Do thiocfainn is á cheangal leat
A chuid den tsaol 's a stór;
Is le grá do m'anam é
Ach le fonn a bheith ag amharc ort,
A óganaigh óig.

"An dtiocfaidh don ghairdín liom,
A phlúr na mban óg?"
"Cad é a bheimis ag déanamh ann,
A chuid den tsaol 's a stór?"
"Ag baint úlla de bharr géaga ann
Mar mbí bric ar loch ag léimnigh,
Is cailín deas le bréagadh
Már Mháire Mhaoileoin."

"An dtiocfaidh don teampall liom,
A Mháire Mhaoileain?"
"Cad é a bheimis ag iarraidh ann,
A chuid den tsaol 's a stór?"
"Ag 's a stór?"isteacht le cantaireacht
Na ministrí bán Galltacha
Is go gcríochnóimis an cleamhnas ann
A phlúr na mban óg."

Do thug chun an teampaill í -
Mo chuid den tsaol 's mo stór;
Do thug chun an teampaill í -
Mo chreach 's mo chíle brón.
Do tharraing mo sciansa,
Do thug fán chioch di,
Is go lig fuil a croí lei
Go hiallacha a bróg.

"Cad é seo atá a dhéanamh,
A chuid den tsaol 's a stór?
Och cad é seo a dhéanamh,
A óganaigh óig?
Lig m'anam liom den scriob seo
'S éileoidh choiche 'ris ,
Ach siúlfad na seacht riochta
Le do leanbh beag óg."

"Tiocfaidh an bás ar cuairt chugat,
Dhá uair roimh an
Is bainfidh cuntas crua dhiot
Faoi gach cluain a chuir 'r mhná
Beidh i seomra uaigneach,
Beidh bráilín bhán anuas ort,
'S nár mhaith an aithrí an uair sin
mbeadh le fáil"

Thug mise don Bhóinn í -
Mo phlúr na mban óg:
Thug mise don Bhóinn í -
Mo chreach 's mo mhíle brón;
Do bhain diom mo chóta,
Mo stocaí is mo bhróga,
Is d'ealaigh sa cheo
ó Mháire Mhaoileoin.


macsuibhne.com/amhran/