Ineacs

Ar ais

Tiocfaidh an Samhradh agus fásfaidh an féar

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.mudcat.org/thread.cfm?threadid=13795 ]

Tiocfaidh an Samhradh agus fásfaidh an féar
Tiocfaidh an duilliúr glas ar bharr na gcraobh.
Tiocfaidh mo rún searc le banú an lae,
1)Agus buailfidh tiúin suas le cumhaí im' dhiadh.
2)Agus beidh muid ag imeacht le cúnamh

Is óg 's óg a chuir dúil i ngreann
Agus dhéanfainn súgradh le mo rún ar faill;
Níl baile cuain ar bith a ngluaisfinn ann,
Nach bhfaighhinn maighdean óg dheas 1) a shiúladh liom. [/or] 2) ar bhuidéal rum

Spleoid ar an fharraige mar 's í mór,
'S í ' gabhail idir a's mo mhíle stór,
D'fhág ar an bhaile seo ag déanamh bróin
'S gan 1)aon tsúil chásta agam a choiche níos 2) lena feiceáil a choiche níos

Nach deas an cailín í stór mo chroí,
Nach méanar don fhear óg a phósfas í
séan ó Mhuire uirthi agus grá ó Chríost,
Ach mo mhallacht don athair a rinne sclábhaí .

Is trua gan mise agus m'ghaoileann bhán,
San áit nírbh eagal dúinn a choiche 'n bás,
I gCúige Laighin i mBéal an Átha,
ar bord loinge a' triall go Meiriceá.

Scairt aréir ag an doras thall,
Scairt arís ar mo ghrá go teann,
' dúirt a daidí liom nach raibh ann,
gur éalaigh aréir leis an bhuachaill donn.

Shiúil thoir agus shiúil thiar,
Shiúil Corcaigh agus Baile Átha Cliath.
Shiúil an baile seo faoi dhó le bliain,
Ag iarraidh mo stóirín ' bhain díom mo chiall.


macsuibhne.com/amhran/