Ineacs

Ar ais

Táimse 'gus Máire

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(Seán Eoin Ó Suilleabháin)

[ http://www.nuigalway.ie/acadamh/subhoro/d2rian3.html ]

Táimse 'gus Máire go sásta 'nár n-aigne
Ó nascadh i bpáirt sinn ar an altóir róbheannaithe.
Thug sise grá thar cairde is thar fearaibh dom,
Thógas ar láimh í 's go brách, brách scarfaimid.

Bímse ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam
Recs fal ó, recs fal aidh dil aidh .

mo theallach san áit is fearr ar an mbaile seo,
Páirc an tSrutháin a sháraíonn seacht n-acra.
Cruithneacht ag fás ann chomh hard leis na claíocha
ag feitheamh an tráth go bhfeice aibí í.

Bímse ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam
Recs fal ó, recs fal aidh dil aidh

Mo chéilese Máire an stáidbhean mhodh mhaisiúil
Ag faire an chliabháin is an páiste ar a seascair;
Stoca ina láimh, na bioráin inti ag preabarnaíl
Í ag cniotáil is ag crónán don leanbhín.

Bímse ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam
Recs fal ó, recs fal aidh dil aidh .

' mo ghuí chun an Ard-Mhic na grásta a scaipeadh orainn
Go leana an t-ádh sinn gan gátar gan easpa orainn.
Is nuair a thiocfaidh an áirimh ar bhántaibh úd Josabeth*
Go dtóga Dia ar láimh sinn in airde go Parthas!

Beadsa ag seinnt ceoil, poirtín béil agam
Recs fal ó, recs fal aidh dil aidh


macsuibhne.com/amhran/